Ar dheis Dé go raibh a anam dílis. Déanann Bord na Taibhdheirce comhbhrón le clann agus cairde uile an tAthair Tomás Ó hÍceadha.

Scíobh Aodh Ó Coileáin, iar-Chathaoirleach Bhord na Taibhdheirce agus cara dílis an tAthair Ó hÍceadha, an píosa thíos in ómós dó. Ní bheidh a leithéid arís ann.

“Thit mo chodladh orm sa charr ar an aistear aneas ó Dhaingean Uí Chúise.  Aimsir na Cásca, 1982, agus mé ar mo chéad turas go cathair na Gaillimhe agus chuig Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, an Taibhdhearc.  Bhíos ceithre bliana déag.

Dhúisigh mé agus sinn ar an mbealach aníos Bóthar Loch a’ tSáile, timpeall an cúinne ag Bóthar na Long i dtreo Bhóthar an Duga.  Bhí cuma chomh mór ar gach rud, na báid, na foirgnimh, fiú na faoileáin!  Bhíos i dteannta Aisteoirí Bhréanainn agus captaen na loinge, an léiritheoir, an tAth. Tomás Ó hÍceadha.  Bhí dhá dhráma againn ag Féile Náisiúnta Drámaíochta sa bhliain 1982 a reachtáladh sa Taibhdhearc:  Dúirt sé, dárt sé le Lady Gregory agus Súgán Sneachta le Mairéad Ní Ghráda.

Bhíos i mbun soilsiú stáitse agus caitheamar an lá ag ullmhú agus ag crochadh lampaí.  Timpeall dhá uair an chloig roimh an dráma, thug an tAth. Ó hÍceadha amach ar shráideanna cunga na Gaillimhe mé agus aníos an staighre i Lydon House, Sráid na Siopaí.  Bhí burgar mairteola, pláta sceallóga agus gloine mhór Fanta ag an mbeirt againn.  Duine dúinn féin ab ea Fr. Tom, cara le mo mhuintir a thagadh chun an tí le bronntanais d’éanlaithe fiáine: creabhair agus piasúin.  Nuair nach mbíodh sé ag léiriú drámaí, bhíodh sé ar an ngunna ag seilg lena dhá mhadra fiaigh.

D’oibrigh mé leis ar chuid mhaith drámaí a cuireadh ar stáitse na Taibhdheirce sna blianta ina dhiaidh sin, ina measc: Na Laethanta Déanacha bíonn said fuar le Colman O’Shannon (1983), Tar agus Téigh, Gníomh gan Focal agus Anáil le Samuel Beckett (1983), Píosadh Pósadh, Prátaí Rósta le Siobhán Ní Shúilleabháin (1986), Éirí na Gealaí le Lady Gregory (1986), Cá háit, Cad é? le Samuel Beckett (1986), Fiche Bliain ag Fás le Muiris Ó Súileabháin (Cóiriú, 1989), An Baile Seo Againne, scríofa ag Aisteoirí Bhréanainn, (1992).

Agus iarrachtaí á ndéanamh agam na cearta teilifíse a aimsiú chun scannánaíocht a dhéanamh ar radharc ó Waiting for Godot in 2011, scríobh mé chuig Tomás Ó hÍceadha ag iarraidh a chomhairle. Tháinig litir lámhscríofa cheithre leathanach thar n-ais uaidh ón mBuailtín i gCorca Dhuibhne, 2 Feabhra 2011:

“Cosúil le gach dream eile, sé atá ag teastáil ó Curtis Brown (gníomhaire liteartha eastáit Samuel Beckett) ná do chuid airgid…”

“Do the token-thing, onóir a thabhairt do Sam, etc : tabhair geallúint dóibh, subtly, nach bhfuil aon aigne agaibh ach leas Sam agus a ghuíonna beannaithe (mianta/coinghiallacha).”

Agus an-chuid comhairle eile tugtha aige, d’iompaigh sé ar an saothar a bhí idir lámha:

“Do dhein duine éigin, is cuimhin liom, tathaint ar Shane McGowan dul ina theannta chun GODOT d’fheiscint, sa National, Londain, cúpla bliain ó shin. Nuair a bhí an seó thart agus Shane dúisithe, dúirt a chara : “Well, what did you think?” Léirmheas i dtrí fhocal ón ár nduine: ‘The miserable bastard..!'”

Fuaireamar na cearta.

Sé Máirtín Jaimsie a bhí i bpáirt Lucky sa chlár faisnéise sin de chuid TG4 Litir ó Mháirtín Jaimsie (2012) léirithe ag Bríd Seoighe, Abú Media agus faoi mo stiúr féin.  Ar ndóigh rinne Máirtín Jaimsie cuid mhaith drámaí sa Taibhdhearc, ina measc: Dlí na Feilime le Mícheál Ó hAodha (1972), Don Coyoté le Risteard Ó Broin agus Máire Stafford, 1972, An Spailpín Fánach le Criostóir Ó Floinn (1988), Corp Eoghain Uí Shúilleabháin le Seán Ó Tuama (1990).

Léirigh Alan Simpson leagan cáiliúil de Ag Fanacht le Godot sa Taibhdhearc in 1971 i measc na n-aisteoirí bhí Tomás Ó Cionnaith (Estragon), Coiril Ó Mathúna (Vladimir), Mícheál Ó hAinnín (Lucky) agus Risteard Ó Broin (Pozzo).  Cuireadh taifead den dráma chuig Beckett agus thug sé le fios go raibh se sásta leis an léiriú.

Bhí an leaid óg a tháinig chun na Taibhdheirce leis an Ath. Ó hÍceadha in aois a cheithre bliana déag  ina chathaoirleach ar Bhord na Taibhdheirce agus an amharclann ag ceiliúradh 90 bliain a bunaithe in 2018.  Chuir sé áthas orm a bheith in ann cuireadh chun na Taibhdheirce a thabhairt do Fr. Tom agus Aisteoirí Bhréanainn.  Ar an Satharn, 10 Samhain 2018, léirigh siad Blaiseadh Drámaíochta ó Chorca Dhuibhne: Turas gan Tuisle le Thornton Wilder, An Fear Siúil le Lady Gregory, Tar agus Téigh le Samuel Beckett, Jimín agus an Gandal leis an Seabhac agus Le Mime Francais leis an Ath. Tomás Ó hÍceadha.

Bhí seanchara an Ath Uí Íceadha, Seán Stafford san amharclann an oíche sin.

Tá siad ar fad in aon amharclann anois.  Meastú nach hí an cheist atá ag an Ath. Ó hÍceadha ar Sam Beckett: “Cé hí an Godot seo ar aon chuma?”

Aodh Ó Coileáin, Aibreán 2021.

An tAth. Tomás Ó hÍceadha, 16 Iúil 1924 – 12 Aibreán 2021.

Seán Stafford, 24 Lúnasa 1924 – 25 Lúnasa 2020.