Music

Cantóirí na Taibhdheirce á lorg


Tá An Taibhdhearc ag ceiliúradh 90 bliain i 2018. Chun an ócáid iontach seo a chomóradh, beidh An Taibhdhearc ag léiriú ceol agus sleachta amharclannaíochta ó repertoire na hamharclainne, an 26, 27 Deireadh Fómhar 2018 seo chugainn.
Tá An Taibhdhearc ag iarraidh teagmháil a dhéanamh le baill agus iar-bhaill Chantóirí Na Taibhdheirce chun páirt a ghlacadh san ócáid speisialta seo, le cleachtaidh le tosú Dé Máirt an 11 Méan Fómhair ar 20:10 sa Taibhdhearc. Beidh cleactadh amháin gach Máirt go dtí an coicís deiridh roimh an tseó le cleachtaidh oíche Dhéardaoin chomh maith.
Chun bheith páirteach nó le haghaidh tuilleadh eolais, is féidir teagmháil a dhéanamh linn trí eolas@nullantaibhdhearc.com/ 091-562024.

2018 marks the 90th birthday of An Taibhdhearc. To commemorate this wonderful occasion the Company plans to stage a production of memorable musical and theatrical extracts from the theatre’s repertoire on October 26th and 27th 2018.
An Taibhdhearc is seeking to make contact with all present and former members of Cantóirí na Taibhdheirce to take part in this special occasion. Weekly rehearsals are scheduled to commence on Tuesday, September 11th next at 20:10 with Tuesday and Thursday rehearsals, two weeks prior to the performance.
To partake or for further information, please contact An Taibhdhearc on 091-562014 / email eolas@nullantaibhdhearc.com

Ticéid ar díol do Ghilín Sneachta, Geamaireacht na Nollag, 2017.


Gilín Sneachta agus an Seachtar Scallywag sa Taibhdhearc don Nollag.
An Taibhdhearc 13-21 Nollaig, 2017.

Gilín Sneachta agus an Seachtar Scallywag
le Maeve Ingoldsby
Stiúrthóir: Éamonn Draper
Stiúrthóir Ceoil: Eadaoin Breathnach
Léiritheoir: Anne McCabe

Sa chliar tá Gilín Róisín Finn, Tara Breathnach, James Riordan, Daithí O’Donnell, Dómhnall Ó Braonáin, Caitríona Ní Dhomhnaill.

“A scatháin, a scatháin, inis go fíor, cé hí an duine is áille sa tír?’

Bíodh spraoi den chéad scoth agaibhse an Nollaig seo le geamaireacht thaitneamhach na Taibhdheirce 2017! Is leagan nua den seanscéal atá againne i mbliana le neart grinn, damhsa, ceoil agus craic don chlann ar fad.

Tar isteach chuig An Taibhdhearc le geamaireacht spraíúil na Nollag a fheiceáil – Gilín Sneachta agus an Seachtar Scallywag. Bain greim as úll nimhneach an domhain naimhdigh, dhainséaraigh seo. Seachain an leasmháthair crúalach agus lucht an oilc agus tú os comhair scathán dhraíochtúil na seanchaillí. I measc an rí-rá ar fad, an eiróidh leis an gcineáltas agus an grá ar deireadh thiar thall?

Tar linn ar thuras ón amharclann go dtí domhan draíochtúil an bhanphrionsa álainn atá lán le scallywags agus taibhsí dána.

“Ní féidir liom bréag a insint faraor. Ní tusa an duine is áille sa tír.”

13, 14, 15*, 16, 20, 21 Nollaig ar 7:00i.n.
16, 17 Nollaig ar 2:00i.n.
15 Nollaig – seó scoile ar 11:00r.n.

Ticéid:
€40 – clann (2 duine fásta, 2 ghasúr)
€15 – duine fásta
€10 – gasúr
Lascaine ar fáil do ghrúpaí.