Nuacht

Drámaí Gaeilge ó Chonamara, ó dheas agus ó thuaidh sa Taibhdhearc

Is cúis áthais dúinn a chur in iúl go bhfuil drámaí Gaeilge ó chearnaí éagsúla den tír le bheith ar stáitse na Taibhdheirce as seo gach Nollaig, chomh maith le go leor leor drámaí agus imeachtaí eile freisin. I measc na ndrámaí Gaeilge, tá siad seo a leanas:

Mar a chéile muid

24 Deireadh Fómhair 2014
Seo dráma grinn de chuid Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha (nach maireann), atá á léiriú ag Ciarán Ó Fátharta agus cóirithe le haghaidh stáitse ag Cumann Drámaíochta Chaoráin Aodha Leitir Mealláin.

Tá an dráma iontach seo curtha ar stáitse in áiteanna éagsúla ar fud Chonamara cheana féin agus anois, tá siad ag déanamh a mbealaigh chomh fada le stáitse na Taibhdheirce i gcroílár chathair na Gaillimhe.

MAKARONIK le Dave Duggan

1 Samhain 2014
Léiriú dátheangach suite sa todhchaí, i mBéal Feirste sa bhliain 2084.

An bhliain 2084 atá ann agus an domhan mór faoi cheannas iomlán ag ‘an Impireacht’. Tá cosc ar an chuid is mó de theangacha na hEorpa. Cuirtear inár láthair an fiántas bagrach arbh é Béal Feirste é uair den tsaol. Is í Makaronik bean dheireanach seasta an fhóid. Ordaíonn ‘an tIonad’ di deireadh a chur lena hobair chartlainne agus iarsmaí uilig na Gaeilge a sheoladh ar ais le go gcuirfear ‘i dtaisce’ iad. Is beirt ard-oifigeach iad Diarmuid agus Gráinne agus dualgas orthu a chinntiú go gcuirfear gach rud i gcrích go rianúil agus go bpillfidh Makaronik leo. Ach an mbeidh sé chomh furasta sin? Den todhchaí é Makaronik ach é fréamhaithe fosta i dtraidisiún ársa – smaoinigh ar Críoch-Chluiche Beckett, Bladerunner Ridley Scott le blaiseadh beag den Matrix. Cuireann dráma seo Dave Duggan ceisteanna móra faoi shíorbhrú chun cinn na teicneolaíochta a dhéanann an domhan a chrapadh. Cad é atá á chailleadh againn dá bharr? Scéal é fosta faoin bhaile, faoin tsábháilteacht agus faoin bhunriachtanas dhaonna sin a thugann orainn teaghlach agus pobal a chruthú, faoi na coinníollacha is aduaine féin – streachailt atá ag croílár Makaronik.

Mise, Subhó agus Maccó

Dráma le Biddy Jenkinson.
6 Nollaig 2014

Is iad Aisteoirí An Lab, lonnaithe sa Daingean i gCorca Dhuibhne, atá á léiriú seo. Cé gur scéal tragóideach é seo faoi thriúr a mhaireann ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath, tá greann fite fuaite tríd, chomh maith le hábhar macnaimh.

Léiríodh an dráma in Amharclann An Lab ag tús na bliana agus bhí sé le feiscint i rith an tsamhraidh de bharr an éilimh a bhí air. Caitheann an dráma súil ghéar ar na fadhbanna a bhíonn ag daoine gan dídean. Níl éalú acu ón gcruatan ach isteach i réimse na samhlaíochta agus na miotaseolaíochta. In ainneoin na constaicí agus na n-údarás, deineann siad gach iarracht aire a thabhairt dá chéile agus léiríonn siad meas nach beag don nádúr i lár na cathrach.

Do thicéid agus tuilleadh eolais, téigh chuig http://antaibhdhearc.com/imeachtai/

‘Scannáin ar Stáitse’ ag dul ó neart go neart

Cuireadh tús leis an tsraith ‘Scannáin ar Stáitse’ sa Taibhdhearc ar dtús ag deireadh mhí Lúnasa agus is cinnte go bhfuil sí ag dul ó neart go neart de réir mar atá na seachtainí ag dul thart.

Go dtí seo, bhí ceithre scannán ar fad ar stáitse: ‘Ó Conaire – An Fear’, ‘Draíocht’, ‘Siobhán/John Huston’ agus ‘Scéalta ó Theach na mBocht’ agus bhí a lán aíonna speisialta istigh freisin. Ina measc, bhí Gearóid Ó Cairealláin, fear mór le rá i saol na Gaeilge, agus a bhean Bríd ón gcompántas Aisling Ghéar i mBéal Feirste; Cathal Goan, iarCheannasaí TG4 agus RTÉ; an t-aisteoir Diarmuid de Faoite; agus an t-aisteoir Tuilleadh…

Oscar Wilde festival Galway returns for second year

Oscar Wilde Festival Galway returns for its second year this September. From September 5-7, the festival will provide a host of insights into his life and work from speakers from Galway, UK and the US as well as supporting new Irish writing inspired by Wilde.
The festival will kick off on Friday September 5 at 6pm in the Harbour Hotel. The launch will be followed by a talk on the remarkable life of Galway woman Eva O’Flaherty, who referred to Wilde as her “cousin Oscar”. Eva moved in circles in London, Paris, Dublin and Achill from the 1900s onwards through her involvement in millinery, literary and intellectual pursuits. Eva O’Flaherty was buried in the family vault in Donaghpatrick graveyard, Caherlistrane, on 17 April 1963. The vault was refurbished to mark the 50th anniversary of her death last year. This talk will be delivered by Mary J Murphy from Menlough, county Galway, writer and broadcaster who has written a book titled Eva O’Flaherty:Forgotten Island Heroin.
On Saturday September 6, the festival moves to An Taibhdhearc on Middle Street. This is a significant move for the festival as the theatre has strong connections with Wilde through the writer and performer Micheal macLiammoir, who hosted the first play at the venue and went on to perform his one man show to huge acclaim titled The Importance of Being Oscar.
Saturday’s events will begin at 12 noon with a talk on Wilde Today: what do we think of Wilde today and how has his reputation stood the test of time. This will be the question posed to three speakers; Dr David Clare from NUI Galway, John Cooper from New York and owner of Oscar Wilde in America and Patricia Leventon, acclaimed actress from the UK.
At 4pm, American writer and documentary historian, John Cooper will deliver what promises to be a fascinating talk about Wilde and Dress. Wilde used how he dressed to such huge impact during his lifetime and was one of the first to do so. A letter Wilde wrote titled The Philosophy of Dress was rediscovered by Mr Cooper in 2012. Confirmed by Merlin Holland, Wilde’s grandson as an original, this letter is a fascinating insight into Wilde’s dress sense. In this talk, Mr Cooper will explore the influences, trends, characters and source material that informed Wilde’s relationship with dress, an unappreciated aspect of his life to date.
Saturday’s events will conclude with a show about one of the most important women in Wilde’s life – his mother. At 8pm, Patricia Leventon, an acclaimed actress from the UK will perform her show Lady Wilde. The Belfast Telegraph described the show as “a portrayal of the life of Lady Wilde with an imaginative and informative style. The show provides great insight into Oscar’s life and the influence of his mother.”
On Sunday September 7, the festival will conclude with the debut of new Irish writing. Kicking Oscar’s Corpse by Galway writer Brendan Murphy will make its debut at the Harbour Hotel at 1pm. Based on actual court transcripts, ‘Kicking Oscar’s Corpse’ is a docu-play based on the famous libel trial of Maud Allan in 1918. It’s a story of judges and prejudice, MP’s and dancing girls, sex, scandal and conspiracy. Oscar Wilde Festival Galway is proud to be supporting new Irish writing this year. Tickets are available online for this show and will also be available at the door if seats are free. There will be tea/coffee/cookies available beforehand.
Festival founder and director, Sandra Coffey said: “The festival has a lot to offer this year. It will look at what we think of Wilde today, how he used dress to his advantage and the huge influence his mother had on him. Yet again, we explore his west of Ireland links through Eva O’Flaherty and debut new Irish writing inspired by Wilde. Tickets are again reasonably priced and we hope that people will come and enjoy the weekend.”
Tickets for Saturday’s shows in An Taibhdhearc are available online on www.antaibhdhearc.com over the phone on 091 563600 or by dropping in to the theatre box office on Middle Street, Galway. Tickets for Kicking Oscar’s Corpse are available online at www.oscarwildefestival.com but will also be available at the door. Keep an eye on Facebook and Twitter for details. For further information and how to get tickets, go to the festival website www.oscarwildefestival.com

Scannáin ar stáitse sa Taibhdhearc

SCANNÁIN AR STÁITSE
sa Taibhdhearc

Irish Films on stage
in Galway’s Gaelic theatre

Oícheanta Déardaoin ag tosú 28 Lúnasa / Thursdays at An Taibhdhearc starting 28 August 2014
Caint agus cómhrá le haíonna speisialta / Post-film discussion with special guests
Fotheidil / Films with subtitles

NA SCANNÁIN:
1. PÁRAIC O’CONAIRE-AN FEAR
Dráma/fáisnéis ar saol an scríbhneora, le míreanna drámaíochta
Dáta deantúis: 2008
Craoltóir: TG4
Aisteoir: Diarmuid de Faoite.
Léiritheoir: Johnny White
Comhlacht: SEANCHAS Productions
Fad an chláir: 50 nóiméad
GRADAIM: Buaiteoir Fhéile na Meán Cheilteach
______________________________________________________
2. DRAÍOCHT
Scannán faoi shaighdiúr a bhíonn sa bhaile ón gCongo sna 60’s, agus a mhac a chreideann i miorúiltí.
Dáta deantúis: 1996
Craoltóir: TG4
Aisteoir: Gabriel Byrne, Charlotte Bradley.
Léiritheoir Gerry McColgan
Stiúrthóir: Áine O’Connor
Scríbhneoir: Gabriel Byrne
Comhlacht: CRIMSON FILMS
Fad an chláir: 60 nóiméad
*B’é seo an chéad scannán Gaeilge ar an stáisiún nua, Teilifís na Gaeilge, ar an oíche oscailte, 31 Deireadh Fómhair, 1996.
__________________________________________________________
3. SIOBHÁN
Saol an aisteora Gaillimheach Siobhán Mc Kenna, le hagallaimh i mBéarla le Peter O’Toole agus Tom Murphy.
Fad: 52’

AGUS
JOHN HUSTON-AN T-EIREANNACH
Scéal faoi shaol an scannadóra cháiliúil a chónaigh i St. Clerans, Craughwell, ar feadh 10 mbliana, áit a tógadh a iníon Anjelica Huston.

Dáta deantúis: 1996
Craoltóir: TG4
Léiritheoir: Brian Reddin
Comhlacht: Adare Productions
Fad an chláir: 52’
___________________________________________________________
4. CRÉ NA CILLE
Scannán don úrscéal cáiliúil scríofa ag Máirtín Ó Cadhain.
AISTEOIRÍ: Bríd Ní Neachtain, Macdara ó Fatharta, Peadar Lamb, Máire Ní Mháille, Joe Steve Neachtain, Peadar Ó Treasaigh, Máire Ní Droighneáin, Tom Sailí Ó Flaithearta, Diarmuid Mac an Adhastair, Darach Ó Dúbháin, Máirín Ní Neachtain, Seán Ó Coisdealbha.

Dáta deantúis: 2007
Craoltóir: TG4
Léiritheoir: Ciarán Ó Cofaigh
Stiúrthóir: Robert Quinn
Comhlacht: ROSG
Fad an chláir: 93 nóiméad
GRADAIM: Ainmniúcháin IFTA, agus an Fhéile na Meán Cheilteach, Gradam an Oireachtas.

_______________________________________________________________
6. MAN OF ARAN
Scannán cailiúil faoi shaol na n-oileán déanta sna 1930aidí.
AGUS
An tÉIREANNACH FÁIN
Saol agus módhanna oibre an scannadóra cháiliúil Robert O’Flaherty
Dáta deantúis: 2007
Léiritheoir: Macdara Ó Curraidhn
Fad an chláir: 78 nóiméad

____________________________________________________________
7. POITÍN
Scéal faoi na h imeachtaí greannmhara ag baint le déantús mi dleathach poitín i Chonamara.

Dáta deantúis: 1978
Léiritheoir/Stiúrthóir: Bob Quinn
Scríbhneoir: Colm Bairéad
Aisteóir: Cyril Cusack, Donal McCann, Niall Tobin, Mick Lally, Johnny Chóil Mhaidhc, Mairéad Ní Chonghaile.
Fad an chláir: 65 nóiméad
Ceann do na céad scannáin déanta in iarrthar na hÉireann
_____________________________________________________________
8. SCÉALTA Ó THEACH NA mBOCHT
Sraith ceithre eapasóid lonnaithe i dteach na mbocht, Strokestown, faoi na caractéir istigh ann le linn an Ghorta Mhóir.
Déanta i nGaeilge agus i mBéarla.

Dáta deantúis: 1998
Craoltóir: TG4
Léiritheoir/Stiúrthóir: Louis Lentin
Aisteoir: Brendan Gleeson, Mick Lally, Ruth McCabe
Comhlacht: Crescendo Concepts
Fad an chláir: 3 x 40’ (120 nóiméad san iomlán)
GRADAIM:

_______________________________________________________

CAINT AGUS CÓMHRA i ndiaidh na scannáin in éineacht le
hAÍONNA SPEISIALTA
Bob Quinn, Leila Doolin, Diarmuid de Faoite, Gerry McColgan…agus liosta eile le teacht go luath!
_________________________________________________
Tuilleadh eolais/ For more info call: 00 353 91 563600
An Taibhdhearc
19, an tSráid Láir, GAILLIMH /19, Middle Street, GALWAY
www.antaibhdhearc.com

Gradam mór le rá don Taibhdhearc/Prestigious award for An Taibhdhearc

Gradam mór le rá buaite ag An Taibhdhearc

Fógraíodh buaiteoirí na nGradam Stewart Parker 2013 ag searmanas i mBéal Feirste ar an gCéadaoin seo caite. Bronnadh an Gradam Drámaíochta Gaeilge de chuid BBC Tuaisceart Éireann ar Macdara Ó Fatharta don drama, An Tíoránach Drogallach, a bhí léirithe ag an Taibhdhearc agus a bhí stiúrtha ag Anne McCabe.
Is é Ó Fátharta a d’aistrigh an dráma, The Last Days of a Reluctant Tyrant, atá scríofa ag an drámadóir clúiteach Tom Murphy, pátrún nua na Taibhdheirce. Bhí páirt ag Macdara i léirithe den dráma sa Taibhdhearc le linn Fhéile Ealaíne na Gaillimhe an samhradh seo caite. Tá aithne mhaith air dá charachtar, ‘Tadhg’, sa sobaldráma Gaeilge, Ros na Rún. Tuilleadh…

Lucht na Taibhdheirce i Nua-Eabhrac / An Taibhdhearc takes on New York

An Taibhdhearc, Ireland’s National Irish Language Theatre will take on New York! Artistic Director, Anne McCabe will bring Irish Language drama and storytelling to New York, spreading the word that An Taibhdhearc, and Irish theatre, is open to everyone!

On Friday 7th March, Anne McCabe will share the story of the world’s only Irish Language theatre with the New York Arts and Business community at the Irish Consulate Business Breakfast, on Park Avenue. A national treasure of language and literature, An Taibhdhearc’s story is sure to inspire fans of the Irish language, at home and abroad. Tuilleadh…

D’Scéal sa Taibhdhearc?

D’Scéal sa Taibhdhearc?

D’Scéal sa Taibhdhearc? Tá tráthnóna spleodrach eagraithe ag an Taibhdhearc le ceol agus mír drámaíochta, nuair a dhéanfaidh réaltaí Ros na Rún, Macdara Ó Fatharta (Tadhg) agus Anne-Marie Horan (Frances) Clár 2014 a sheoladh go hoifigiúil ar an Luan, 17 Feabhra ag 6pm. Beidh pátrún nua na Taibhdheirce, an drámadóir clúiteach idirnáisiúnta, Tom Murphy, á aimniú ar an oíche freisin. Tuilleadh…

Page 2 of 212