De bharr na treoirlínte atá eisithe ag an Rialtas, tá Ceangal | Dolen II ar ceal.
12.03.2020.

Tá an-áthas orainn Ceangal/Dolan II, comhdháil d’earnáil na hamharclannaíochta Gaeilge, Gàidhlig agus Cymraeg, a fhógairt. Beidh sé ar siúl i nGaillimh – in Ionad Uí Dhonnchadha, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, an 03 Aibreán agus sa Taibhdhearc, 04 Aibreán. Beidh plé spreagúil idir cleachtóirí, léiritheoirí, maoinitheoirí agus eagrais náisiúnta ó Éire, Alba agus an mBreatain Bheag le eochairchaint ó Arwel Gruffydd ó Theatr Genedlaethol Cymru (Amharclann Náisiúnta na Breatnaise). Beidh blaisíní do shaothar reatha na hearnála le feiscint chomh maith. Beidh tionchar ag an imeacht ar na gnéithe drámaíochta do Straitéis atá á ullmhú faoi láthair ag an Roinn Chultúir, Oidhreachta agus Gaeltacht d’ealaíona teangabhunaithe na Gaeilge, agus roinnfear eolas maidir leis an obair comhairleoireachta ar an straitéis sin. Is féidir clárú do Ceangal/Dolen II anseo.
03 Aibreán, 2020 – Ionad Uí Donnadhcha, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus
04 Aibreán, 2020 – An Taibhdhearc, 19 An tSráid Láir, Gaillimh.
Clár Comhdhála
Tá líon teoranta de liúntais ar fáil d’ealaíontóirí gairmiúla neamhspleácha i réimse na hamharclannaíochta, nach bhfuil tuarastal acu agus a bheadh gá dóibh taisteal chun freastal ar an imeacht.
Foirm Léiriú Spéise d’Ealaíontóirí
Tá Ceangal/Dolen II a chur i láthair ag Ealaín na Gaeltachta, Ionad Uí Dhonnchadha, OÉ OÉ Gaillimh, An Taibhdhearc agus Theatre Gu Leor le thacaíocht ón Roinn Cultúr, Oidhreachta agus Gaeltachta, Éire Ildánach, Colmcille, TG4 agus Comhairle Contae Dhún na nGall.

We’re delighted to announce Ceangal/Dolen II, a sectoral conference for Irish-language, Scots Gaelic and Welsh language theatre. Ceangal/Dolen II will take place in the O’Donoghue Centre, NUI Galway (April 3rd) and in An Taibhdhearc (April 4th). The event will bring together practitioners, producers, funders, academics and national organisations from all three countries to look at ways of working and creative connections. Ceangal/Dolen II dovetails with the development of a strategy for the Irish-language based arts (in progress) by the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht, in partnership with the Arts Council, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, TG4 and Ealaín na Gaeltachta. Register for Ceangal/Dolen II here. 03Aibreán, 2020 – Ionad Uí Donnadhcha, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus 04 Aibreán, 2020 – An Taibhdhearc, 19 An tSráid Láir, Gaillimh.

Conference programme
**A limited number of allowances are available to independent professional artists, who do not have a salary and that would have to travel to attend the event. Please send your expression of interest form (below) to ealain@nulludaras.ie
** Artists’ Expression of Interest Form
Ceangal/Dolen II is convened by Ealaín na Gaeltachta, the O’Donoghue Centre at NUI Galway, An Taibhdhearc and Theatre Gu Leor and is supported by the Department of Culture Heritage and the Gaeltachta, Creative Ireland, Colmcille, TG4 and Donegal County Council.