Is é Ceangal | Dolen II an dara tionól ag ealaíontóirí de chuid na Gaeilge, Ghaeilge na hAlban agus na Breatnaise. Beidh tionól na bliana seo ar siúl ar líne go hiomlán 10-13 Samhain agus tá sonraí breise le fógairt go luath faoin modh clárúcháin.
Is iad seo a leanas ceithre phríomhchuspóir an tionóil:
- Teacht ar mhodhanna nuálacha chun obair úr a dhéanamh sna trí theanga mhionlaithe sin.
- Samhlacha den dea-chleachtas a chíoradh agus a chomhroinnt.
- Teacht ar chomhaontú i dtaobh treoirphrionsabail chomhchoiteanna i gcomhair earnáil na hamharclannaíochta trí Ghaeilge, Gaeilge na hAlban agus Breatnais – treoirphrionsabail a chothaíonn meas, éagsúlacht agus comhionannas teanga.
- Lucht amharclannaíochta a choimisiúnú chun saothair nua a chur i láthair ina dteangacha dúchais – Breatnais, Gaeilge (na hÉireann) agus Gaeilge na hAlban.
An Glao:
Mar chuid de thionól na bliana seo, coimisiúnóidh Ceangal | Dolen II sé phíosa nua oibre a chuirfear i láthair go digiteach i rith sheachtain an tionóil agus ar líne amach anseo. Beirt iarratasóirí ó gach tír chomhpháirtíochta a bheidh sa roghnú deiridh. Is éard is aidhm don choimisiúnú seo seo deiseanna cruthaitheacha ar bhonn íoctha a chur ar fáil d’ealaíontóirí atá ag obair i nGaeilge, i nGaeilge na hAlban agus sa Bhreatnais sa ré dhúshlánach seo agus tacú le forbairt saothair nua sna trí theanga mhionlaithe sin.
Le haghaidh tuilleadh eolais féach ar
http://antaibhdhearc.com/ceangal-dolen-ii-2020/
Tabhair faoi deara – spriocdháta le haghaidh iarratas – 08 Deireadh Fómhair, 2020