An scéal is déanaí

Cruinniu Aontas na Drámadóirí Gaeilge curtha ar ceal

Is oth linn a chur in iúl duit nach mbeidh ceardlann agus imeacht Aontas na Drámaíochta Gaeilge ag dul ar aghaidh le Cruinniú Aontas na Dramaíochta Gaeilge Dé Sathairn, 10 Feabhra 2018 sa Taibhdhearc.

Ní raibh dóthain daoine in ann a bheith i láthair an lá sin chun go bhféadfadh muid ár gcuid spriocanna a bhaint amach go héifeachtach agus tuigtear ó bhur gcuid teachtaireachtaí go bhfuil sibhse tiománta do chur chun cinn na drámaíochta Gaeilge agus go bhfuil sibh buartha faoi mhaoiniú don earnáil.

Dá bhrí sin, tá sé i gceist dáta eile a roghnú i dtreo deireadh mhí Márta chun teacht le chéile eile a thionól.

Chun suim san Aontas seo a chlarú, is féidir ríomhphost a sheoladh go eolas@nullantoireachtas.ie