An scéal is déanaí

Cuairt tugtha ag an Aire Stáit Joe McHugh ar an Taibhdhearc

Bhí an tAire Stáit Joe McHugh i nGaillimh ar an Aoine seo caite agus chuireamar fáilte mhór roimhe nuair a thug sé cuairt ar an Taibhdhearc fad is a bhí sé sa chathair.

Bhí an tAire Stáit sa chathair le freastal ar lón na Nollag a bhí eagraithe ag Gaillimh le Gaeilge ach shocraigh sé a bhealach a dhéanamh chomh fada leis an Taibhdhearc

roimh an ócáid, chun an amharclann a fheiceáil agus casadh leis an bhfoireann.

Sa ghrianghraf thuas, tá an tAire Stáit le feiceáil le Cathaoirleach Bhord Stiútha na Taibhdheirce, Noeleen Boylan agus le Bainisteoir agus Stiúrthóir Ealaíona na Taibhdheirce, Anne McCabe.

Bhí an chuairt agus an ócáid thar cionn agus tá ardmholadh tuillte ag Gaillimh na Gaeilge as an lón a eagrú.