Tá áthas ar An Taibhdhearc tacú leis an gcomhlacht drámaíochta Fíbín Teo atá le bheith ag obair le healaíontóirí a samhlaíocht agus a gcruthaíocht a choinneáil lasta.

Fíbín Teo in éineacht le Raidió na Gaeltachta, Údaras na Gaeltachta agus An Taidhbhearc ag teacht le chéile chun comórtas chun drámaí raidio a scríobh a chur ar bun.

Is í aidhm Gradam Joe Steve ná misneach a thabhairt do scríbhneoirí le Gaeilge drámaí raidió a scríobh, chomh maith le feachtas a chruthú chun feasacht maidir le cumhacht an ghearrdhráma raidió mar mhodh scéalaíochta a ardú.

Tá siad sa tóir ar scríbhneoirí nua le Gaeilge chun gearrdhrámaí raidió a scríobh. An mbeadh fonn oraibh tabhairt faoin dúshlán seo? An bhfuil scéalta agaibh go mba mhaith libh a chloisteáil ar stáisiún raidió náisiúnta na Gaeilge?

Má tá, siad ag lorg gearrdhrámaí trí Ghaeilge atá bunaithe ar scéalta miotais nó stairiúil na hÉireann ach é scríofa i stíl chomhaimseartha. Ní mór achoimre don dráma a sheoladh chugainn. Léifidh na moltóirí iad agus roghnófar trí iarratas. Más rud é go roghnófar do dhráma iarrfaidh muid ort an dráma a scríobh le treoracha agus comhairle ó na moltóirí. Nuair atá na scripteanna curtha i gcrích, déanfar taifead ar na drámaí ar stáitse na Taibhdheirce os comhair lucht féachana beo. Déanfar na drámaí a chraoladh ansin ar Raidió na Gaeltachta.

Tá an t-eolas ar fad ar fáil ar http://fibin.com/en/gradam-joe-steve/ agus spriocdháta den 22 Bealtaine, 2020 chun iarratas a chur chucu.