An scéal is déanaí

dsceal1

D’Scéal sa Taibhdhearc?

D’Scéal sa Taibhdhearc?

D’Scéal sa Taibhdhearc? Tá tráthnóna spleodrach eagraithe ag an Taibhdhearc le ceol agus mír drámaíochta, nuair a dhéanfaidh réaltaí Ros na Rún, Macdara Ó Fatharta (Tadhg) agus Anne-Marie Horan (Frances) Clár 2014 a sheoladh go hoifigiúil ar an Luan, 17 Feabhra ag 6pm. Beidh pátrún nua na Taibhdheirce, an drámadóir clúiteach idirnáisiúnta, Tom Murphy, á aimniú ar an oíche freisin.

Tá rud éigin sa Chlár do gach duine ag an Taibhdhearc i mbliana, le meascán de dhrámaí éagsúla, imeachtaí litríochta, ealaín agus neart eile, do dhaoine ar bheagán Gaeilge, chomh maith le cainteoirí líofa. Tá réimse leathan ar an gclár:

Dráma- Meascán de léirithe den scoth i nGaeilge agus i mBéarla

Siamsaíocht- Meascán de sheónna siamsaíochta, grinn, damhsa and sorcais

•Ceol- Ceol clasaiceach agus sean-nós le ceoltóirí agus amhránaithe mór le rá

Éagsúlacht- Réimse leathan imeachtaí, taispeántais, ceardlanna, srl

Aos óg- Seónna scoile agus scéalaíocht do leanaí óga

Litríocht- Meascán de léimh fhilíochta agus litríochta, chomh maith le seoltaí leabhar Gaeilge agus Béarla agus a lán eile ar bun ó fhéile Cúirt.

Is í 2014 an chéad bhliain ag Anne McCabe mar stiúrthóir ealaíne na Taibhdheirce. Tá taithí chuimsitheach ag Anne ó na blianta fada a chaith sí ag obair i dtionscal na Meán, taithí atá á cur i bhfeidhm aici sa ról nua seo anois. Is scríbhneoir agus stiúrthóir teilifíse í Anne, a bhfuil a lán gradam buaite aici dá cláir faisnéise do RTÉ, TV3 agus TG4. Chomh maith leis seo, stiúir sí dráma, Tom Murphy An Tíoránach Drogallach’ (The Last Days of a Reluctant Tyrant) don Taibhdhearc ag Féile Ealaíne na Gaillimhe 2013. Ar an bhfoireann le hAnne i mbliana freisin, tá Úna Ní Eidhin, Margaíocht agus Riarachán, Donnacha Mac Donnacha, Comhordaitheoir Teicniúil & Cothabháil agus Bernie Harrigan, Cuntais agus airgeadas.

Is í an Taibhdhearc Amharclann Náisiúnta na Gaeilge agus an t-aon amharclann Ghaeilge ar domhan. Tá ról lárnach aici i gcur chun cinn drámaí Gaeilge ó tháinig sí ar an bhfód ar dtús. Tá breis is 1000 léiriú curtha ar stáitse ag an Taibhdearc trí mheán na Gaeilge le linn na tréimhse seo agus bhí go leor acu mar chéad léiriú ann freisin. Bhí a lán de na haisteoirí is aitheanta in Éirinn ar stáitse na Taibhdheirce. Ina measc, bhí Siobhán McKenna, Micheál Mac Liammóir, Walter Macken agus Mick Lally, chomh maith le go leor eile. Tá amharclann nuachóirithe na Taibhdheirce oscailte do chách mar ionad d’imeachtaí éagsúla: comhdhálacha, seimineáir, ceardlanna, seoltaí agus fáiltithe, le córas imfhuaime, teilgean agus cur i láthair cineamatach ar fáil freisin. Tá an Taibhdhearc maoinithe ag an  Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Do thuilleadh eolais, téigh chuig láithreán gréasáin naTaibhdheirce www.antaibhdhearc.com nó seol ríomhphost chuig eolas@nullantaibhdhearc.com