An scéal is déanaí

Éisteachtaí don dráma nua-scríofa ‘BAOITE’

Beidh an dráma nua BAOITE le Darach Mac Con Iomaire á léiriú ag An Taibhdhearc mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíne na Gaillimhe i Mí Iúil 2018.

Beidh éisteachtaí ar bun go luath don mhórléiriú seo. Tá muid ag lorg aisteoirí do na rólanna seo a leanas:

Bean 35 – 40
Fear 35 – 40
Fear 40 – 50
Fear 65 – 70

Dá mba mhian leat éisteacht a dhéanamh do na rólanna seo, seol CV aisteoireachta agus grianghraf díot féin chuig eolas@nullantaibhdhearc.com roimh 5pm Dé Luain 9 Aibreáin 2018.

Roghnófar iarrathóirí chun éisteachta bunaithe ar an CV aisteoireachta. Ní mór d’iarrathóirí a bheith iomlán líofa i nGaeilge. Ní hionann iarratas a dhéanamh agus cuireadh a fháil chun éisteachta.

Tuilleadh eolais ar fáil ón Taibhdhearc: 091 562024