AN DARA RÉALT, Geamaireacht na Nollag, 2019 arna léiriú ag AN TAIBHDHEARC!!

Tionólfaidh An Taibhdhearc éisteachtaí do Gheamaireacht 2019 ‘AN DARA RÉALT’ le Doireann Langford (Rós na Rún, Fair City) an 10 agus 11 Deireadh Fómhair 2019 ó 5-9pm sa Taibhdhearc. Beidh Cillian Ó Donnachadha (An Taibhdhearc Óg 2019, Tóraíocht an Yummy Mummy, 2018) mar stiúrthóir.

Caithfear Gaeilge líofa a bheith ag gach duine mar reachtáltar na ceardlanna ceoil agus na cleachtaí trí mheán na Gaeilge. Beidh ar gach duine véarsa agus/nó cúrfa d’amhrán a chanadh chomh maith le hamhrán Gaeilge dá rogha. Tabharfar radharc gearr den script dóibh le léamh. Beidh deis ag na haisteoirí óga labhairt leis an stiúrthóir/cóireagrafaí faoi scileanna ar leith atá acu, mar shampla: uirlis a sheinm, lámhchleasaíocht, spórt, etc.

Chun iarratas a dhéanamh ar éisteacht, seol ríomhphost chuig andararealt2019@nullgmail.com roimh 07 Deireadh Fómhair. Seolfar pacáiste éisteachta chuig tuismitheoirí agus caomhnóirí.

Léirithe ar siúl 07-20 Nollaig, 2019. 

Am éisteachtaí: 5-9 pm an 10 agus 11 Deireadh Fómhair

Ionad Éisteachtaí: An Taibhdhearc,  19 an tSráid Láir, Gaillimh.

An Taibhdhearc Príomh-ardán in Éirinn do dhrámaíocht na Gaeilge.