An scéal is déanaí

Folúntas – Bainisteoir Ginearálta

Fógraíonn An Taibhdhearc go bhfuil Bainisteoir Ginearálta le ceapadh ar Amharclann na Taibhdheirce, 19 An tSráid Láir, Gaillimh. Beidh an té a cheapfar freagrach as bainistíocht laethúil agus clár forbartha na hamharclainne mar gnó in mharthanach. Post dúshlánach ilghnéitheach a d’fhóirfeadh do dhuine fuinniúil. Tá Gaeilge líofa labhartha agus scríofa sár-riachtanach don phost seo mar aon le roinnt blianta taithí bainistíochta.

Tá iarratais a lorg faoi láthair ó dhaoine ar spéis leo an post. I measc na tréithe a bhfuil riachtanach do iarrthóirí tá: Cumas cruthaithe bainistíochta agus margaíochta mar aon le cumas foireann bheag a bhainistiú le dínit agus a spreagadh. Ard scileanna cumarsáide, ríomhaireachta agus caidreamh poiblí, cumas oibriú as a stuaim féin agus faoi stiúir, cumas oibriú faoi bhrú le spriocdhátaí a bhaint amach, agus tuiscint ar thábhacht ardchaighdeán seirbhíse.

Conradh trí bliana le bliain profaí ar thuarascáil a aontófar ar bhunús cáilíochtaí agus taithí an iarrthóra. Seol isteach CV móide smaointí a bheadh agat leis an foirgneamh stairiúil seo i lár chathair na Gaillimhe a chur chun cinn
faoin 17.00, Dé hAoine, an 19 Eanair, 2018, chuig An Rúnaí, Bord na Taibhdheirce, 19 An tSráid Láir, Gaillimh.