An scéal is déanaí

Folúntas

Folúntas d’Fháilteoir/Oibreoir díoloifige páirtaimseartha

Tá folúntas ag Taibhdhearc na Gaillimhe do dhuine sa ról mar fháilteoir agus oibreoir díoloifige. Beidh an ról seo ar bhonn páirtaimseartha, 20 uair an chloig in aghaidh na seachtaine.

Táthar sa tóir ar dhuine cumasach, le scileanna maithe cumarsáide agus taithí in úsáid bogearraí Microsoft Office. Cuirfear traenáil ar fáil maidir leis an gcóras ticéad atá in úsáid sa díoloifig.

Tá caighdeán ard Gaeilge labhartha riachtanach, chomh maith le caighdeán maith i scríobh na Gaeilge. Bheadh tuiscint ar obair na Taibhdheirce ina bhuntáiste.

Seol C.V. roimh 4.00 i.n. Dé hAoine, 9 Meitheamh 2017 chuig: Úna Ní Eidhin, Bainisteoir Amharclainne, Taibhdhearc na Gaillimhe, 19 An tSráid Láir, Gaillimh nó ar ríomhphost chuig una@nullantaibhdhearc.com.

Má theastaíonn, is féidir teagmháil a dhéanamh linn sa Taibhdhearc ar 091-562024.