An scéal is déanaí

Gradam bronnta ar an Uasal Seán Stafford

Bhí Gradaim an Mhéara ar siúl in Óstán an Radisson Blu anseo i gCathair na Gaillimhe aréir, an 10 Bealtaine 2016, áit ar fógraíodh na buaiteoirí.

Is cúis áthais agus bróid dúinn go raibh an tUasal Seán Stafford ar dhuine de na buaiteoirí seo aréir. Bronnadh gradam air sa chatagóir a bhaineann le cúrsaí Ealaíon, Cultúir, Oidhreachta agus cúrsaí Gaeilge.

Tá blianta fada caite ag an Uasal Stafford agus an Ghaeilge, cúrsaí amharclannaíochta agus an cultúr Gaelach á gcur chun cinn aige féin agus ag a chlann ar fad. Ní hamháin anseo sa Taibhdhearc ach tríd eagraíochtaí eile ar fud na cathrach freisin, leithéidí Conradh na Gaeilge agus Gaillimh le Gaeilge.

Thosaigh Seán amach ag obair mar mhúinteoir i dtús aimsire. Thosaigh sé sa Taibhdhearc ag deireadh na 1940aidí agus d’oibrigh sé mar aisteoir, stiúrthóir, léiritheoir, chomh maith le go leor ról éagsúil eile. Tharraing an obair ar fad a rinne sé féin agus a bhean Máire, nach maireann (go ndéanfaidh Dia grásta uirthi), a lán daoine idir óg agus aosta isteach san amharclann chun drámaí a fheiceáil nó go deimhin, a bheith páirteach iontu. Chuidigh Seán agus Máire go mór le haisteoirí óga go háirithe, a raibh suim acu san amharclannaíocht agus sa Ghaeilge. Thug siad deiseanna daoibh trí cheardlanna, ranganna, srl a reáchtáil.

Murach iad, is cinnte nach mbeadh an clú ná an cháil chéanna ar an Taibhdhearc agus atá uirthi sa lá atá inniu ann agus nach mbeadh an grá céanna don áit ach oiread.

Déanaimid comhghairdeas ó chroí le Seán agus a chlann ar fad. Tá an gradam seo agus a sheacht eile tuillte aige, bail ó Dhia air.