Is oth leis An Taibhdhearc a chloisteáil gur bhásaigh an t-amhránaí agus an léiritheoir Mary McPartlan.  B’as Droim Caorthainn, Co. Liatroma Mary ach chónaigh sí i gcathair na Gaillimhe le fada.  Bhí na hamhráin ar leac an teallaigh aici, amhránaí ó Chontae Thír Eoghain ab ea a máthair, Betty.  D’fhoilsigh Mary trí dhlúthdhiosca:  The Holland Handkerchief (2003), Peticoat Loose (2008) agus From Mountain to Mountain (2016).  Ba léachtóir le cúrsaí cultúir í in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus bhí sí ina Stiúrthóir Ealaíona ar Arts in Action, sraith ceolchoirmeacha ar Champas na hOllscoile.

Dúirt Cathaoirleach na Taibhdheirce, Aodh Coileáin: 

“Is tríd an gceol a chuir mé aithne ar Mary McPartlan, is cuimhin líom Mary in TG4 siar chomh fada le 1998 agus tús á chur le Gradam Ceoil TG4.  Ní raibh Mary sásta scaoileadh le smaoineamh go dtí go raibh sé tagtha chun foirfeachta. Trí bliana fichead níos déanaí agus tá an Gradam Ceoil ar cheann de na hócáidí cultúrtha is mó sa tír.  Chonaic mé an sprid agus an mheanma chéanna agus oícheanta móra a eagrú sa Taibhdhearc i gcomhar le hEalaíona faoi Lánseol nó Arts in Action, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Léirigh Mary trí cheolchoirm in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge le blianta beaga anuas:

CEOL, CARTLANN, CUIMHNÍ, 14 Samhain 2018 mar chuid de cheiliúradh 90 bliain den Taibhdhearc.  Thug Lelia Doolan léargas ar a cara an t-aisteoir Siobhán McKenna le ceol nuachumhta ó Johnny Óg Connolly, ‘An Spéirbhean Ríonda’ i gcuimhne ar Shiobhán.  Thug an cumadóir Shaun Davey agus Rita Connolly ceolchoirm in éineacht lena dteaghlach.

Roimh an Nollaig, reachtáil An Taibhdhearc i gcomhar le Mary McPartlan agus Arts in Action (Ealaíona faoi Lánseol) AIRNEÁN ÁRANN, 20 Samhain 2019.  Oíche cheiliúrtha ar cheol ar litríocht agus ar amhráin Trí Oileán Árann le healaíontóirí ó Inis Meáin, ó Inis Oírr agus ó Inis Mór.

An mhí seo caite, 11 Márta 2020,  cuireadh CEILIÚRADH AR NA BLASCAODAÍ ar stáitse, ceolchoirm le Muireann Nic Amhlaoibh agus a banna ceoil agus ‘Suantraí na hInise’ ceol le Colm Ó Foghlú le baill de Cheolfhoireann na hÉireann le Niamh Ní Charra ar an gconsartín agus le Noreen O’Donoghue ar an gcláirseach.

Bean an-láidir a bhí in Mary McPartlan, bean ghnímh i saol na healaíona, bhí sí cumasach i mbun léiriúcháin, sásta dul sa tseans le smaointe agus tuiscint ghrinn aici ar a comh-ealaíontóirí.  Ní raibh aon ócáid rómhór di, “tiocfaimid ar an maoiniú an manna a bhíodh aici, líonfaimid an teach”. 

Ba mhaith liom comhbhrón a dhéanamh lena fear céile Paddy Noonan agus lena clann.  Cailliúint mhór í Mary do shaol cultúrtha na hOllscoile na Gaillimhe agus na hÉireann. 

Go lonnraí solas síoraí uirthi.

An Taibhdhearc deeply regrets the death of singer and producer, Mary McPartlan.  Though originally from Dromkerran, Co. Leitrim, Mary lived in Galway.  She came from a musical family, her mother, Betty, from County Tyrone was a singer.  Mary’s first album The Holland Handkerchief was nominated in the 2005 Irish Meteor Awards and was voted Number 1 Folk Album in the British music magazine Mojo in 2005.  Peticoat Loose was released in 2008 and also made it into Mojo’s Top Ten Folk Albums of the year in 2008.  In 2016 From Mountain to Mountain, a tribute to legendary American song collector and folk singer, Jean Ritchie was released on the Claddagh label.

Chair of An Taibhdhearc, Aodh Ó Coileáin said:

“Mary was a producer and arts practitioner of considerable courage, no show was too big.  She always had an encouraging word, “we can fill it, we’ll find the funding.”  In recent years An Taibhdhearc collaborated with Mary and Arts in Action to produce three very successful concerts:

CEOL, CARTLANN, CUIMHNÍ as part of An Taibhdhearc’s 90 year celebration, 14 November 2018 when Lelia Doolan remembered her friend, actor Siobhán McKenna with newly composed music by composer Johnny Óg Connolly, ‘An Spéirbhean Ríonda’ and a concert with Shaun Davey, Rita Connolly and family.

Before Christmas Mary worked closely with us on AIRNEÁN ÁRANN, 20 November 2019. An evening celebrating the music, literature and song of the Aran Islands featuring artists from all three of the islands.

Only last month, 11 March 2020, we staged CEILIÚRADH AR NA BLASCAODAÍ, a celebration of the Blasket Islands.  The evening featured Muireann Nic Amhlaoibh and her band along with Colm Ó Foghlú’s beautiful ‘Suantraí na hInise’  with members of the Orchestra of Ireland and soloists, Niamh Ní Charra on Concertina and Noreen O’Donoghue on harp.”

An Taibhdhearc sympathises with Mary McPartlan’s husband, Paddy Noonan, her family and friends.

One of Mary Mc Partlan’s last performances was at the Grand Season Closing Concert at Thoor Ballylee, 19 October 2019. 

Requiescat in pax.

Sa ghrianghraf, clé go deas:

Mary McPartlan, Shaun Davey, Lillis Ó Laoire, Rita Connolly, Lelia Doolan, Ciarán Ó hÓgartaigh, Johnny Connolly, Aodh Ó Coileáin. CEOL, CARTLANN, CUIMHNÍ, An Taibhdhearc, 14 Samhain 2018.