An scéal is déanaí

eGov-irish

Láithreán gréasáin na Taibhdheirce ar an ngearrliosta do Ghradam Ríomh-Rialtais

Is cúis bróid dúinn a fhógairt a chairde go bhfuilimid ainmnithe ar an ngearrliosta do Ghradam Ríomh-Rialtais – gradam na Gaeilge.

Táimid ainmnithe don Ghradam seo mar gheall ar an obair atá déanta againn ar ár láithreán gréasáin le timpeall is bliain anuas, agus dearadh iomlán nua air anois agus cuma i bhfad níos nua-aimseartha air.

Tá buíochas ollmhór ag dul d’Aoife Kelly. Chuir sise an dearadh nua le chéile dúinn ar dtús anuraidh agus muid féin atá á nuashonrú ó shin i leith. Tá neart déanta againn ach tá neart fós le déanamh freisin agus muid fós ag obair linn gach aon deis a fhaighimid. Tá súil agam faoi cheann bliain eile le cúnamh Dé go mbeidh oiread eile déanta againn ar an suíomh seo.

Beidh Bronnadh na nGradam ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an 29 Eanáir 2015, áit a bhfógrófar na buaiteoirí do na gradaim éagsúla. Is é an Taoiseach Enda Kenny a bheas á gcur i láthair.

Tá an-ríméad orainn an t-ainmniúchán a bheith faighte againn agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach duine atá páirteach ann agus ar ndóigh, go mór mhór le gach duine agaibhse a thugann cuairt ar an suíomh.