Is oth leis an Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, a chloisteáil gur bhásaigh Seán Stafford. Bhí Seán lárnach in obair na Taibhdheirce ó dhéanach sna 1940aí go deireadh an chéid seo caite mar aisteoir, mar léiritheoir agus ina bhall de Bhord na hAmharlainne. Ar na drámaí móra a léirigh sé bhí ‘Mise Raifteirí an File’ le Criostóir Ó Floinn in 1974 le Mick Lally (1945-2010) i bpáirt an fhile. Chuaigh cuid de na daoine a bhí ag obair le Seán Stafford sa Taibhdhearc ag an tráth úd ar aghaidh chun páirteanna tábhachtacha a ghlacadh i dtionscnaimh ealaíona eile i gcathair na Gaillimhe, lena n-áirítear Amharclann an Druid, Macnas agus Féile Ealaíon na Gaillimhe.
Léirigh sé ‘Cosi Fan Tutti’ le Mozart sa bhliain 1978 agus thug cuairt ar phríomhstáitse Amharclann na Mainistreach leis. Lena bhean chéile Máire Stafford (1923-2014) bhí baint lárnach acu leis na scórtha léiriúchán sa Taibhdhearc ar feadh beagnach 60 bliain. Beannacht Dé leo beirt.
Chaith Seán tréimhse ina stiúrthóir agus ina chathaoirleach ar Bhord na Taibhdheirce.
Ár gcomhbhrón lena chlann: Ruairí, Fionnuala, Maelíosa, Órfhlaith, Conall, garchlann, gaolta agus cairde. Seán Stafford (1924 – 2020), sa ghrianghraf thuas sa Taibhdhearc, 10 Samhain 2018 ag léiriú de chuid Aisteoirí Bhréanainn ó Chorca Dhuibhne.

An Taibhdhearc, National Irish Language Theatre, is deeply saddened to learn of the death of Seán Stafford. Seán was a force in an Taibhdhearc from 1948 to the turn of the millennium and beyond, serving as an actor, director and member of the Theatre’s Board of Directors.
Among the many major productions Seán Stafford directed was ‘Mise Raifteirí an File’ by Criostóir Ó Floinn in 1974 with Mick Lally (1945 – 2010) playing Raifteirí. Some of the people working with Seán in An Taibhdhearc at this time went on to play vital roles in other artistic initiatives in Galway, including Druid Theatre Company, Macnas and the Galway Arts Festival. In 1978 Seán Stafford directed Mozart’s ‘Cosi Fan Tutti’ and brought it to the Abbey Theatre’s main stage playing to a capacity audience and a standing ovation. With his late wife Máire Stafford (1923 – 2014) he was central to dozens of An Taibhdhearc productions for almost 60 years. Seán Stafford spent a period on An Taibhdhearc’s Board of Directors along with acting as chairperson.
We sympathise with his family: Ruairí, Fionnuala, Maelíosa, Órfhlaith, Conall, his grandchildren, relatives and friends.
Seán Stafford (1924 – 2020), pictured in an Taibhdhearc, 10 November 2018 at a production by West Kerry group, Aisteoirí Bhréanainn.
Leaba i measc Naomh Éireann go raibh ag ár gcara Seán.