An scéal is déanaí

Oíche Cheoil le Percy French


An Evening with Percy French

Ar feadh oíche amháin beidh seans ag an bpobal dul siar in am agus trathnóna a chaitheamh ag éisteacht le cheol agus amhráin ó cheann de na cumadóirí is cumasaí in Éirinn.

Beagnach 100 bliain tar éis a bháis is beag seisiún amhránaíochta a tharlaíonn in Éirinn gan ar a laghad amhrán nó dhó ó Percy French.Siad amhráin ar nós The Mountains of Mourne, Come Back Paddy Reilly Phil the Fluter’s Ball na cinn is mó clú orthu. B’fhéidir nach n-aithnítear an cumadóir ach gan amhras aithnítear na liricí agus na bhfonn.

Tar éis dhá sheónna a dhíoladh amach sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath agus léirithe trasna na tíre agus ar chlár Micheal Portillo ar an BBC, reachtálfar an seó suntasach seo  sa Taibhdhearc an 3ú Márta. Cumann Percy French ó Chontae Liatroma a bheidh ar an stáitse agus is cinnte nach gcuirfear díoma ar an lucht éisteachta a bheidh ann.

Rugadh Percy French i gContae Ros Comán an 1 Bealtaine 1854 agus fuair sé bás an 20ú Eanair 1920. Le linn a shaoil chum sé níos mó ná 200 amhráin. Bhunaigh Tish Dunleavy agus Frank Cadam Cumann Percy French i gContae Liatroma mar gur aithin siad nach raibh an t-aitheantas agus an creidiúint chuí tugtha do French mar chumadóir cé go raibh sé tuillte aige de bharr a bhfuil bainte amach aige. Sé aidhm an chumainn, mar sin, ná lucht éisteachta Percy French a mhéadú, feasacht air mar sárchumadóir a árdú agus a shaothair a chur chun cinn.

Tógfar an stáitse i gculaith sheanré agus Frank Cadam a bheidh i bpáirt an chumadóra in éineacht le bhuíon 7 cheoltóirí eile ón gcumann. Nascann Percy na hamhráin le scéalta óna shaol fhéin, ag roinnt leis an lucht éisteachta faoi mar a spreagadh é.

Is í Tish Dunleavy an stiúrthóir cheoil agus faoina stiúir cuirtear an seó i láthair go croíúil agus go meidhreach le neart deiseanna rannpháirteachas ón lucht féachana.

Más siamsaíocht den scoth atá uait ná caill an seans seo.