An scéal is déanaí

An Taibhdhearc ag an Oireachtas

Is ar an Déardaoin, an 2 Samhain a bheidh An Taibhdhearc ar an ardán ag Oireachtas na Gaeilge, 2017 ar 9:00i.n. le ‘Glórtha ón Ghorta’, sleachta as dráma le Cathal Póirtéir.

‘Amharclann na Fianaise’, scéalta pobail agus daoine faoi chos á insint le mothú agus le héifeacht. Mórscéal láidir is ea é, arna léiriú ag Anne McCabe, ina léirítear trí mheán na haisteoireachta, an cheoil agus amhráin na linne, bunaithe ar chuimhní cinn na ndaoine faoin nGorta Mór.
Leis na hamhráin ‘Na Prataí Dubha’ agus ‘Na Fataí Bána’.

Ceol: Éamonn Ó Broithe, píobaire.
Cliar: Diarmuid de Faoite, Áine Ní Droighneáin, Mairéad Dinny agus Eoghan Ó Riada.
IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon

Ticéad saor in aisce ach iad a chur in áirithe anseo