An scéal is déanaí

‘Scannáin ar Stáitse’ ag dul ó neart go neart

Cuireadh tús leis an tsraith ‘Scannáin ar Stáitse’ sa Taibhdhearc ar dtús ag deireadh mhí Lúnasa agus is cinnte go bhfuil sí ag dul ó neart go neart de réir mar atá na seachtainí ag dul thart.

Go dtí seo, bhí ceithre scannán ar fad ar stáitse: ‘Ó Conaire – An Fear’, ‘Draíocht’, ‘Siobhán/John Huston’ agus ‘Scéalta ó Theach na mBocht’ agus bhí a lán aíonna speisialta istigh freisin. Ina measc, bhí Gearóid Ó Cairealláin, fear mór le rá i saol na Gaeilge, agus a bhean Bríd ón gcompántas Aisling Ghéar i mBéal Feirste; Cathal Goan, iarCheannasaí TG4 agus RTÉ; an t-aisteoir Diarmuid de Faoite; agus an t-aisteoir Dave Duffy (nó ‘Leo’ as Fair City, mar is fearr aithne air), chomh maith le go leor aíonna eile.

Is cosúil go bhfuil an-tóir ar an gcaoi ar féidir ceisteanna a chur ar na haíonna speisialta tar éis gach ceann de na scannáin agus ar an bplé neamhfhoirmiúil a bhíonn ar bun. Go dtí seo, tá go leor den lucht féachana céanna ag teacht ar ais gach seachtain mar gheall go dtaitníonn sé chomh mór sin leo a dúirt siad agus bíonn corr éadan nua le feiceáil freisin, rud a chuireann an-ríméad orainn. Táimid fíorbhuíoch go deo a chairde. Cá mbeimis gan sibh agus tá súil againn go leanfaidh sibh oraibh ag baint suilt astu!

D’aon duine nach raibh istigh go fóill, buailigí istigh agus cuirfear míle fáilte romhaibh. Bíonn popcorn, pimms agus fiú poitín (buidéal dleathach ar ndóigh) againn!!

An Déardaoin seo, beidh an scannán ‘Cré na Cille’ le feiceáil, scannán atá bunaithe ar an úrscéal cáiliúil leis an údar Máirtín Ó Cadhain.

Tá sé léirithe ag Ciarán Ó Cofaigh do ROSG, comhlacht léirithe scannáin agus teilifíse lonnaithe i gConamara, agus stiúrtha ag Robert Quinn, mac leis an scannánaí agus grianghrafadóir aitheanta Bob Quinn. Tá a lán gradam faighte ag ROSG don scannán seo agus ainmníodh iad do ghradaim IFTA freisin – sé cinn ar fad.

Is scéal dorcha é, lonnaithe i reilig i gConamara é Cré na Cille faoin éad is faoin bhfuath atá ag beirt deirfiúracha dá chéile, coimhlint a théann in olcas le haois, agus a leantar de fiú san athshaol.

I measc na n-aisteoirí a ghlacann páirt ann, tá Bríd Ní Neachtain, Macdara Ó Fátharta, Peadar Lamb, Máire Ní Mháille, Joe Steve Ó Neachtain, Peadar Ó Treasaigh, Máire Ní Dhroighneáin, Tom Sailí Ó Flaithearta, Diarmuid Mac an Adhastair, Darach Ó Dúbháin, Máirín Ní Neachtain, Seán Ó Coisdealbha agus tuilleadh nach iad.

Aíonna speisialta na seachtaine seo: An léiritheoir, Ciarán Ó Cofaigh a bheas i mbun cainte tar éis an scannáin agus beidh Macdara Ó Fátharta i láthair ar an oíche freisin.

Scannáin atá fós le teacht:

2 Deireadh Fómhair: ‘Poitín’ le Bob Quinn. An chéad scannán déanta i gConamara. AÍONNA SPEISIALTA: Beidh Bob Quinn féin, an stiúrthóir, i mbun cainte ar an oíche.
9 Deireadh Fómhair: ‘An tÉireannach Fáin’. Clár faisnéise faoin bhfear cáiliúil, Robert O Flaherty. AÍONNA SPEISIALTA: Macdara Ó Curraidhin, léiritheoir; Celine Curtin, léachtóir in GMIT.