An scéal is déanaí

Scripteanna nua de dhíth sa Taibhdhearc!


Fáilteoidh An Taibhdhearc roimh iarratais ar dhrámaí Gaeilge a scríobh le léiriú ar ardán na Taibhdheirce le féidearthachtaí ar chamchuairt timpeall na tíre ina dhiaidh. Déanfaidh painéal de gníomhairí amharclannaíochta measúnú ar na hiarratais agus beifear ag súil le sciar acu a roghnú lena fhorbairt mar scripteanna críochnúil i bpáirt le eagarthóir scripte. Beidh suas le €5,000 a thairiscint le hiarratas a fhorbairt chun go mbeidh sé ar chaighdeán inléirithe.
Mar chuid de gach iarratas is mithid go mbeadh –
Uaillmhian agus téama an dráma
Imlíne an dráma
Bíobla de charachtair an dráma
Trí radharc samplach ón dráma
Glacfar le hiarratais go dtí an 21 Meán Fómhair 2018

Iarratais chuig:

An Coiste Ealaíona,
An Taibhdhearc
19 An tSráid Láir,
Gaillimh