Geamaireacht na Nollag – Christmas Pantomime

ÁILLE AGUS ALLTA – ‘BEAUTY AND THE BEAST’ AS GAEILGE

Geamaireacht na Nollag
Tá an gheamaireacht ar ais! ÓÓÓÓÓ NÍL GO DEIMHIN…….ÓÓÓÓÓ TÁ GO DEIMHIN.

Tá Geamaireacht na Nollag ar ais arís i mbliana sa Taibhdhearc a chairde agus is ‘Áille agus Allta’ – ‘Beauty and the Beast’ as Gaeilge a bheas ar stáitse an babhta seo – geamaireacht i stíl thraidisiúnta le Dáma dochréidte, Áille atá séimh cineálta agus brúid mhór ghránna….ar Prionsa é i ndáirire, atá fial flaithiúil.

Tá neart aisteoirí mór le rá agus a lán leanaí ó chathair agus ó chontae na Gaillimhe ar fad ag glacadh páirte ann. I measc na n-aisteoirí, tá Diarmuid de Faoite (Corp & Anam, ‘Defender of the Faith’), a bhfuil páirt Dilín Ó Deamhas-O’Dea aige – Baintreach shaibhir de bhunú Chonamara. Tá páirt na Banríona ag Tara Breathnach (Ros na Rún, A Nightingale Falling, Na Cloigne, Corp agus Anam). Is ag Úna Ní Fhlátharta (Corp agus Anam) atá páirt ‘Áille’ agus is é Eoin Ó Dubhghaill (Aifric, Ros na Rún) a bheas mar an Mac Allta sa léiriú freisin. Tá 27 páiste/déagóir ar fad le bheith páirteach sa léiriú freisin. Tá an liosta iomlán le feiceáil thíos.

Seo a leanas liosta iomlán de na páistí agus de na daoine óga a bheas páirteach sa gheamaireacht freisin agus a n-aoiseanna: Síle Ní Chonghaile, 16, Niamh Ní Fhlátharta, 19, Saoirse Ní Chualáin, 17, Sinead Pokall, 16, Muireann Ní Bhaoill, 16, Rory Mac Seoinín, 12, Sean Mac Fhlannachada, 11, Conall Ó Cualáin, 9, Eoin Ó Gríofa, 12, Iarla Ó Coileáin, 9, Domhnall Ó Confhaola, 9, Ciara Beth Ní Ghríofa, 15, Rebecca Patten, 11, Niamh Ní Lochlainn, 9, Aoife Ní Lochlainn, 11, Kate Scott, 12, Éabha Ní Chathasaigh, 11, Orla Ní Ghríofa, 9, Aedín Ní Mháille, 9, Katie Thornton, 9, Ciara Ní Mhaoldomhnaigh, 11, Rachel Ní Earchaí, 10, Tessa Croke, 14, Alana Ní Chinnéide, 14, Róise Nic Dhonnagáin, 13, Siobhán Ní Chuaig-Griallais, 8, Hazel Ní Bhroin, 14.

Ná caill é mar is cinnte go dtaitneoidh sé leis an teaghlach ar fad, le neart ceoil, damhsa agus siamsaíochta.

Ticéid ar lacáiste agus lascaine do theaghlaigh ar fáil.

ÁILLE AGUS ALLTA – ‘BEAUTY AND THE BEAST’ THROUGH IRISH

Christmas Pantomime
The pantomime is back! OHHH NO IT’S NOT…….OHHH YES IT IS!!

The Christmas pantomime is back on stage again this year in An Taibhdhearc, with ‘Áille agus Allta’ – an Irish version of ‘Beauty and the Beast’ – a revival of the much loved pantomime in traditional style, with an outrageous dame, sweet little beauty and the terrible beast, who is really a prince with a heart of gold!

There are plenty of well known actors taking part in this year’s production, as well as children from around the city and county, 27 in total (please see below for full list). Amongst the actors, we have Diarmuid de Faoite who plays the part of Dilín Ó Deamhas-O’Dea, a wealthy widow from Connemara originally. Tara Breathnach (aka Tina from the soap Ros na Rún) plays the part of the Queen, Úna Ní Fhlátharta is ‘Beauty’ and Eoin Ó Dubhghaill takes up the part of the Beast.

Here is a full list of the names and ages of all the children/teenagers taking part in the production: Síle Ní Chonghaile, 16, Niamh Ní Fhlatharta, 19, Saoirse Ní Chualáin, 17, Sinead Pokall, 16, Muireann Ní Bhaoill, 16, Rory Mac Seoinín, 12, Sean Mac Fhlannachada, 11, Conall Ó Cualáin, 9, Eoin Ó Gríofa, 12, Iarla Ó Coileáin, 9, Domhnall Ó Confhaola, 9, Ciara Beth Ní Ghríofa, 15, Rebecca Patten, 11, Niamh Ní Lochlainn, 9, Aoife Ní Lochlainn, 11, Kate Scott, 12, Éabha Ní Chathasaigh, 11, Orla Ní Ghríofa, 9, Aedín Ní Mháille, 9, Katie Thornton, 9, Ciara Ní Mhaoldomhnaigh, 11, Rachel Ní Earchaí, 10, Tessa Croke, 14, Alana Ní Chinnéide, 14, Róise Nic Dhonnagáin, 13, Siobhán Ní Chuaig-Griallais, 8, Hazel Ní Bhroin, 14.

For seasonal heartwarming joy, muisc singing and dancing with zillions of kids, don’t miss the panto at An Taibhdhearc! It will be something for all the family to enjoy this Christmas.

An Irish language show, that will be accessible to all!

Be there…OH YES YOU WILL!

Concession rate and family discount available.

Ainm: Áille agus Allta – Beauty and the Beast as Gaeilge
Dáta/Date: 17-21 Nollaig 2014.

Ceannaigh ticéid anois

Imeachtaí sa Taibhdhearc / Show Info