Boicíní Bhóthar Kilburn

Boicíní Bhóthar Kilburn

Beidh deis ag lucht drámaíochta na cathrach Aisteoirí an Spidéil a fheiceáil sa dráma Boicíní Bhóthar Kilburn arís i mbliana sa Taibhdhearc oíche Dé hAoine, 30 Meán Fómhair, ag tosú ag 8.00i.n.

Bhain an dráma stáitse The Kings of Kilburn High Road an-cháil amach don drámadóir Jimmy Murphy nuair a léireoidh ar dtús é i mbliain an 2000. Rinne Mícheál Ó Conghaile leagan Gaeilge de agus thug cúlra Conamarach do na carachtair. Stiúraigh Tom Collins an scannán KINGS, scannán dátheangach den dráma, an chéad scannán le Gaeilge a fuair ainmniúchán do ghradam Oscar.

Díríonn an dráma ar sheisear as Conamara a chuaigh ar imirce go Londain i lár na seachtóidí. Castar cúigear acu lena chéile arís cúig bliana fichead ina dhiadh sin ag sochraid an séú duine acu agus is léir go raibh cosáin éagsúla saoil acu idir an dá linn. Trí ghreann agus tragóid tugann an dráma cumhachtach seo léargas ar scéal na deoraíochta agus ar an athrú a tháinig ar shaol dhaoine a thug aghaidh ar an mbád bán.

‘Sé Peadar Ó Treasaigh stiúrthóir an léirithe seo agus tá cliar láidir a bhfuil seans aithne ag lucht leanta Aisteoirí an Spidéil orthu ag tacú leis. Beidh Seán Ó Coistealbha, Maidhc P Ó Conaola agus Peadar ó Treasaigh ann agus tá Seán Ó Neachtain ar ais ar an ardán arís. Beidh Peadar Ó Cúláin leo chomh maith.

Páirceáil ar an oíche: Bíonn sé saor in aisce pairceáil ar thaobh na sráide tar éis 6.30pm ar an tSráid Láir nó ar na sráideanna eile in aice leis. Ní bhíonn aon íocaíocht ar an gcarrchlós thíos in aice le stáisiún na nGardaí ach oiread san oíche agus bíonn ráta speisialta ar fáil ó Hynes yard le páirceáil ansin san oíche.

Ainm: Boicíní Bhóthar Kilburn
Dataí: 30 MF 2016
Ticéid: €15 Ginearálta, €12.50 Lascaine.

Ceannaigh ticéid anois

Imeachtaí sa Taibhdhearc / Show Info