Idir dhá cheann na hImní

Idir dhá cheann na hImní

Príomh-imeacht: Dráma Gaeilge faoi Sheosamh Mac Grianna le Noel Ó Gallchóir

Amhránaíocht agus aisteoireacht: Lillis Ó Laoire (ceol & sean-nós), Cathal Banjo Ó Curráin (raifteirí & ceol) agus Brídín Ní Mhaoldomhnaigh (filíocht/aithriseoireacht le Katy ó Ros na Rún).

Ionad: An Taibhdhearc, Dé hAoine, 13 Márta 2015 @ 7.30i.n – 9.30i.n.

‘Idir dhá cheann na himní’
Tugann Noel Ó Gallchóir eachtraí as saol agus as scéalta Sheosaimh Mhic Grianna chun beatha sa dráma seo, mar aon le léargas domhain pearsanta a thabhairt ar an scríbhneoir é féin. Feictear an duine corr seachantach, an file mar choimhthíoch atá ar strae i ré nach dual dó, an t-aonarán leochaileach uaigneach, an fánaí agus an fealsamh, agus an máistir i mbun pinn. Is iomaí cineál scéil a scríobh an Griannach agus tugtar gach gné dá shaothar chun solais go healaíonta sa dráma ionraic cumhachtach seo, a bhainfidh idir gháire agus deora as an lucht féachana.

Seosamh Mac Grianna
I Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill a rugadh Seosamh Mac Grianna (1900-1990). Bhain sé clú amach mar dhuine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge sa 20ú haois agus i measc na saothar is mó cáil a scríobh sé, tá Mo Bhealach Féin, An Druma Mór agus An Grá agus an Ghruaim. In ainneoin gur éirigh sé as an scríobh go luath ina shaol, deirtear go raibh sé ar dhuine de na húdair ba mhó a chuir dlús le saothrú na scríbhneoireachta cruthaithí i litríocht na Gaeilge.

Ainm: Idir dhá cheann na hImní
Dataí: 13 Márta 2015
Ticéid: €10 Ginearálta

Ceannaigh ticéid anois

Imeachtaí sa Taibhdhearc / Show Info