Ionmhuin liom Cois Fharraige

Grianghraf: Seán Ó Mainnín

IONMHUIN LIOM COIS FHARRAIGE

Seó ilmheáin mar aon le trí dhráma le hAisteoirí an Spidéil

Déanfaidh Aisteoirí an Spidéil comóradh sa Taibhdhearc ar an gceangal idir Cois Fharraige agus Éirí Amach na Cásca leis an seó ‘Ionmhuin liom Cois Fharraige’.

Déanann an dráma comóradh ar an gceangal a bhí ag an Spidéal le scéal na hathbheochana. Tá neart seanchais sa gceantar fós faoi chuid de laochra an Éirí Amach a bheith ag teacht chuig Coláiste Chonnacht mar scoláirí agus mar chuairteoirí.

Bhíodh Pádraic Mac Piarias agus Éamonn Ceannt ann go rialta agus tá scéalta sa phobal faoin bPiarsach a bheith i mbun druileála ar ‘lawn’ an Choláiste. Tá seanchas aítiúil ann freisin faoi dhaoine agus faoi scéalta áitiúla a bheith mar fhoinse ag an bPiarsach do chuid de na scéalta a chum sé, ‘Bríd na nAmhrán’ agus ‘Poll an Píobaire’ go háirithe. Chuirtí drámaí ar stáitse le linn na gcúrsaí a bhíodh sa Choláiste agus deirtear gur léirigh Séan Ó Conghaile, an chéad óglach a maraíodh le linn an Éirí Amach, ‘Dúirt ‘Sé, Dáirt ‘Sé’ leis an mBantiarna Gregory sa Choláiste.
Tá teideal an seó Ionmhuin liom Cois Fharraige bunaithe ar líne as rann gearr a scríobh an Piarsach féin i Leabhar na gCuairteoirí sa Choláiste. Mar chuid den seó cuirfear ar stáitse ‘An Gadaí’ agus ‘Eoghainín na nÉan’, dhá ghearrscéal cáiliúil le Pádraic Mac Piarais, agus Dúirt ‘Sé, Dáirt Sé, leagan Gaeilge de Spreading the News leis an mBantiarna Gregory.

Is comhfhiontar pobail atá i léirú ilmheáin Aisteoirí an Spidéil. Rang a Sé as Scoil Éinne, an bhunscoil áitiúil, a chuirfidh ‘An Gadaí’ ar stáitse faoi stiúr Mháire Uí Neachtain agus Bairbre Mhic Eochaidh. Is í an craoltóir Eimear Ní Chonaola atá i mbun léirithe ar ‘Eoghainín na nÉan’ agus a hathair, Maidhc P Ó Conaola, a léireoidh Dúirt ‘Sé, Dáirt ‘Sé. Is é Peadar Ó Treasaigh stiúrthóir Ionmhuin liom Cois Fharraige agus tá Pauline Nic Chonaonaigh ag tacú leis.

Ainm/Name: IONMHUIN LIOM COIS FHARRAIGE
Dataí/Dates: 12 Márta 2016. 8pm

Ceannaigh ticéid anois

Imeachtaí sa Taibhdhearc / Show Info