Mar a chéile muid

Mar a chéile muid

Seo dráma grinn de chuid Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha (nach maireann), atá á léiriú ag Ciarán Ó Fátharta agus cóirithe le haghaidh stáitse ag Cumann Drámaíochta Chaoráin Aodha Leitir Mealláin.

Tá an dráma iontach seo curtha ar stáitse in áiteanna éagsúla ar fud Chonamara cheana féin agus anois, tá siad ag déanamh a mbealaigh chomh fada le stáitse na Taibhdheirce i gcroílár chathair na Gaillimhe.

Aisteoirí:
Danny Wallace, John Beag Ó Flatharta, Micheal Ó Domhnaill, Sonaí Choilm Learaí, Nora Ann Ní Chonghaile, PJ Sonaí Choilm Learaí, Aoife Ní Chonghaile, Michael Sonaí Choilm Learaí, Peigí Ní Mhaolain, Mairtín Mac An Rí agus Eileen Sonaí Choilm Learaí.

Páirceáil ar an oíche: Bíonn sé saor in aisce pairceáil ar thaobh na sráide tar éis 6.30pm ar an tSráid Láir nó ar na sráideanna eile in aice leis. Ní bhíonn aon íocaíocht ar an gcarrchlós thíos in aice le stáisiún na nGardaí ach oiread san oíche agus bíonn ráta speisialta ar fáil ó Hynes yard le páirceáil ansin san oíche.

Bus: Tá bus á eagrú ag an gCumann le daoine a thabhairt isteach chomh fada leis an Taibhdhearc ar an Aoine don dráma. EURO 10 an costas a bheidh ar an mbus. Seo a leanas na socraithe: 6.00i.n. ag fágáil Crosbhóthar Leitir Mealláin, Tír an Fhia 6.10i.n. Leitir Móir 6.20i.n. Halla Éinne, An Cheathrú Rua 6.40i.n. Seanscoil Sailearna, Indreabhán 7.00i.n. Is féidir stopadh sa
Spidéal, sna Forbacha agus i mBearna más gá. Beimid ag filleadh ó
Ghaillimh arís i ndiaidh an dhráma. Glaoigh nó seol téacs chuig 087 6871628 le
háit/áiteanna a chur in áirithe.

Ainm: Mar a chéile muid
Dataí: 24 Deireadh Fómhair 2014
Ticéid: €12 duine fásta, €8 Lascaine agus €6 leanaí faoi 16.

Ceannaigh ticéid anois

Imeachtaí sa Taibhdhearc / Show Info