Mise, Subhó agus Maccó

Mise, Subhó agus Maccó

Dráma le Biddy Jenkinson.

Is iad Aisteoirí An Lab, lonnaithe sa Daingean i gCorca Dhuibhne, atá á léiriú seo. Cé gur scéal tragóideach é seo faoi thriúr a mhaireann ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath, tá greann fite fuaite tríd, chomh maith le hábhar macnaimh.

Léiríodh an dráma in Amharclann An Lab ag tús na bliana agus bhí sé le feiscint i rith an tsamhraidh de bharr an éilimh a bhí air. Caitheann an dráma súil ghéar ar na fadhbanna a bhíonn ag daoine gan dídean. Níl éalú acu ón gcruatan ach isteach i réimse na samhlaíochta agus na miotaseolaíochta. In ainneoin na constaicí agus na n-údarás, deineann siad gach iarracht aire a thabhairt dá chéile agus léiríonn siad meas nach beag don nádúr i lár na cathrach.

This play explores the lives of three eccentric characters who live on the fringes of society. It acts as a critique of the divisions the so-called Celtic Tiger economy has created by polarising social and economic inequalities in Ireland.

Páirceáil ar an oíche: Bíonn sé saor in aisce pairceáil ar thaobh na sráide tar éis 6.30pm ar an tSráid Láir nó ar na sráideanna eile in aice leis. Ní bhíonn aon íocaíocht ar an gcarrchlós thíos in aice le stáisiún na nGardaí ar Shráis an Mhuilinn ach oiread san oíche agus bíonn ráta speisialta ar fáil ó Hynes yard le páirceáil ansin san oíche.

Ainm: Mise, Subhó agus Maccó
Dataí: 6 Nollaig 2014
Ticéid: €12.50 duine fásta, €10.50 Lascaine

Ceannaigh ticéid anois

Imeachtaí sa Taibhdhearc / Show Info