Rogha Bhríde Beo

ROGHA BHRÍDE BEO

Clár Raidió Beo – Ceolchoirm agus Seoladh Dlúthdhiosca THE NEW BLACKTHORN STICK le Andy Lamy, Ceolfhoireann Fhiolarmónach New Jersey

DÁTA: 12 LÚNASA 2015
IONAD: AN TAIBHDHEARC, AMHARCLANN NÁISIÚNTA NA GAEILGE

Arna léiriú ag “Rogha Bhríde” i gcomhar le Flirt FM na Gaillimhe

Beidh an t-amhránaí agus an craoltóir raidió, Bríd Ní Mhaoileoin as Na Dúnaibh, Tír Chonaill ag tabhairt ceoltóirí móra le rá as Méiriceá agus an tír seo le chéile ar an ardán sa Taibhdhearc ar an 12 Lúnasa 2015, 8 i.n. ins an chraoladh beo “ROGHA BHRÍDE BEO sa TAIBHDHEARC”.
Ceiliúradh atá ins an cheolchoirm seo ar an gceoltóir claisiceach ANDY LAMY atá ina cheoltóir gairmiúil le Ceolfhoireann Fhiolarmónach New Jersey. Tá ANDY LAMY tar éis dlúthdhiosca a chuir amach de cheol traidisiúnta na hÉireann, á sheinm aige ar an chlairinéad. Seo an chéad dlúthshiosca dá leithead.
Is léiriú iad na haoí-cheoltóirí atá ar an dlúthdhiosca seo ar an mheas agus ar an tuiscint atá ag ANDY LAMY ar cheol traidisiunta na tíre seo – Mary Bergin (feadóg stáin); Dermot Byrne (bosca ceoil agus iar-cheoltóir leis an grúpa ‘Altan’); Floriane Blancke (cláirseach); agus Kevin Crawford (flúiteadóir leis an ngrúpa ceoil ‘Lúnasa’) ina measc.
In éineacht le ANDY LAMY ar an oíche beidh Dermot Byrne (bosca ceoil – iar-cheoltóir leis an grúpa ‘Altan’), Foriane Blancke (cláirseach), Mike Stewart (viola agus veidhlín – Ceolfhoireann Fhiolarmónach New Jersey), agus Bríd Ní Mhaoileoin (guth/bodhrán – Flirt FM).

Bean an tí ar an oíche ná láithreoir an chlár raidió “Rogha Bhríde”, Bríd Ní Mhaoileoin. Mar sin is cinnte go mbeidh go leor spóirt agus grinn ann leis na ceoltóirí agus leis an lucht éisteachta, chomh maith, dar ndóigh le sár cheol ó na sár cheoltóirí seo as New Jersey agus ónar dtír féin.

ROGHA BHRÍDE LIVE

CD Launch Concert & Broadcast
Special Concert Presentation “THE NEW BLACKTHORN STICK” Andy Lamy Irish Clarinet Album
Produced by “Rogha Bhríde” Radio Show in association with Galway’s Flirt FM

DATES: 12 AUGUST 2015 8pm
LOCATION: AN TAIBHDHEARC, GALWAY’S GAELIC THEATRE

This unique concert is a celebration of ANDY LAMY, a professional clarinettist with the New Jersey Symphony Orchestra. ANDY LAMY has just released a critically aclaimed CD of Irish traditional music on the clarinet – the first CD of its kind.
The participation of four acclaimed Irish musicians on ANDY LAMY’s new CD, is an endorsment of Lamy’s respect and understanding of Irish traditional music, a welcome to the tradition – Mary Bergin (tin whistle); Dermot Byrne (accordion – ex-member of supergroup ‘Altan’); Floriane Blancke (harp); and Kevin Crawford (flute player with supergroup ‘Lúnasa’).
Renowned Donegal fiddler Tommy Peoples has said of this CD: “… the ability in Andy’s hands gives his clarinet indisputable claim to […] traditional Irish music.”
On stage with ANDY LAMY in An Taibhdhearc Theatre, Galway on August 12 will be Dermot Byrne (accordion – ex-member of supergroup ‘Altan’), Foriane Blancke (harp), Mike Stewart (fiddle and viola – New York Symphony Orchestra), and Bríd Ní Mhaoileoin (vocals/bodhrán – Flirt FM) – AKA “Chief O’Neill’s Mixed Flock”.
The evening is being organised, produced and hosted by singer and radio presenter Bríd Ní Mhaoileoin [briej nee waylone] of the Flirt FM radio show “Rogha Bhríde” [ray-ye vree-je]. Bríd Ní Mhaoileoin has been described by Siobhán Long, Irish music critic with The Irish Times as “… a singer with an unquenchable fire in her belly”.

An evening of fun, spontaneity and interaction is guaranteed from musicians at the top of their game hailing from New Jersey and Ireland!

Ainm/Name: Rogha Bhríde Beo
Dataí/Dates: 12 Lúnasa/Aug 2015
Praghas/Price: €10-€15

Book Tickets Now

Imeachtaí sa Taibhdhearc / Show Info