Scannáin ar Stáitse

 

SCANNÁIN AR STÁITSE

Oícheanta Déardaoin sa Taibhdhearc ag 8i.n.

LASCAINE 20% AR FÁIL MÁ CHEANNAÍTEAR TICÉAD DO GACH SCANNÁN, ATÁ FÓS LE TEACHT, IN ÉINEACHT

28 Lúnasa: ‘Ó Conaire – An Fear’. AÍONNA SPEISIALTA: an t-aisteoir Diarmuid de Faoite agus an stiúrthóir Johnny White.
4 Meán Fómhair: ‘Draíocht’ le Gabriel Byrne. AÍONNA SPEISIALTA: an léiritheoir Gerry McColgan agus an t-aisteoir Dave Duffy (Leo as ‘Fair City’).
11 Meán Fómhair: ‘Siobhán/John Huston’ (dhá chlár i ndiaidh a chéile) faoin aisteoir Siobhán McKenna & an stiúrthóir John Huston. AÍONNA SPEISIALTA: Gearóid Ó Cairealláin agus a bhean Bríd Ní Ghallachóir ón gcompántas drámaíochta, Aisling Ghéar i mBéal Feirste; an t-aisteoir Ann Marie Horan agus léiritheoir ‘John Huston’, Brian Reddin.
18 Meán Fómhair: ‘Scéalta ó Theach na mBocht’ le Brendan Gleeson, Mick Lally agus Ruth McCabe. AÍONNA SPEISIALTA: Ronit Lentin, baintreach an stiúrthóra Louis Lentin (nach maireann); Eugene McCabe, scríbhneoir; agus Cathal Goan, iarCheannasaí TG4 agus RTÉ.
25 Meán Fómhair: ‘Cré na Cille’ bunaithe ar an úrscéal cáiliúil le Máirtín Ó Cadhain. AÍONNA SPEISIALTA: Ciarán Ó Cofaigh, léiritheoir; an tOllamh Gearóid Denvir; Macdara Ó Fátharta, scríbhneoir agus aisteoir.
2 Deireadh Fómhair: ‘Poitín’ le Bob Quinn. An chéad scannán déanta i gConamara. AÍONNA SPEISIALTA: Beidh Bob Quinn féin, an stiúrthóir, i mbun cainte ar an oíche.
9 Deireadh Fómhair: ‘An tÉireannach Fáin’. Clár faisnéise faoin bhfear cáiliúil, Robert O Flaherty. AÍONNA SPEISIALTA: Macdara Ó Curraidhin, léiritheoir; Celine Curtin, léachtóir in GMIT.

Tar isteach agus féach ar na scannáin is fearr ar stáitse sa Taibhdhearc a dhéanann ceiliúradh ar chultúr agus ar litríocht na Gaeilge. Caint, comhrá agus craic geallta tar éis gach taispeántas le haíonna speisialta.

Beidh roinnt do na scannáin is fearr a rinneadh ó tháinig TG4 ar an aer ar dtús 18 mbliana déag ó shin á thaispeáint againn. Bhain a lán tograí duaiseanna amach sa tír seo agus thar lear le caighdeán na gclár. Mar sin, is cúis áthais dúinn na scannáin seo a chur i bhur láthair gach uile Déardaoin sa Taibhdhearc ag 8i.n.

‘Sé an chéad scannán a bheas á thaispeáint againn Ó’CONAIRE-AN FEAR, clár faoi shaol agus faoi bheatha an scríbhneora cháiliúil as Gaillimh, Pádraic Ó Conaire agus a asal beag dubh. Bhain an scannán seo gradam amach ag an bhFéile Cheilteach. Is ag Diarmuid de Faoite atá an príomhról mar an fear é féin, agus beidh sé i láthair ar an oíche chun labhairt linn faoi, chomh maith le stiúrthóir an scannáin, Johnny White. Breathnaígí amach do na radhairc ghnéasúla a rinne Diarmuid i Sráid na Siopaí!

Ansin ar an Déardaoin, an 4 Meán Fómhair, beidh DRAÍOCHT á thaispeáint againn, scannán cáiliúil a taispeánadh ar an oíche a d’oscail Teilifís na Gaeilge ar Oíche Shamhna 1996. Is ag Gabriel Byrne atá an príomhról sa scannán seo. Is é Gabriel féin a scríobh an scéal, faoi shaighdiúir atá ar tí dul amach chuig Poblacht an Chongó.

Beidh an léiritheoir Gerry McColgan ag labhairt faoin bpróiseas scannánaíochta agus faoi phaisean an stiúrthóra, Áine O Connor, in éineacht le hAnne McCabe a bhí mar Eagarthóir Coimisiúnaithe le TG4 ag an am.

Le linn an fhómhair, beidh a lán scannáin eile le feiceáil: clár faoi shaol an stiúrthóra Mheiriceánach, JOHN HUSTON, agus an tréimhse a chaith sé sa teach, St Clerans. Beidh sé seo mar clár dúbailte leis an gclár SIOBHÁN, faoin aisteoir cáiliúil as Gaillimh, a bhain clú agus cáil amach in Hollywood, i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Beidh aoi speisialta, Gearóid Ó Cairealláin, ag caint linn ina dhiaidh, chomh maith lena bhean Bríd Ní Ghallachóir ón gcompántas drámaíochta, Aisling Ghéar i mBéal Feirste, Ann Marie Horan agus Brian Reddin, léiritheoir JOHN HUSTON.

Ar an Déardaoin, an 18 Meán Fómhair, cuirfidh an Taibhdhearc i láthair SCÉALTA Ó THEACH NA mBOCHT, scríofa ag Eugene McCabe faoin nGorta Mór. Ag glacadh páirte sna príomhróil sa scannán, tá Brendan Gleeson, Ruth McCabe, agus Mick Lally. Is é Louis Lentin, a d’imigh ar shlí na fírinne le gairid, a stiúir an scannán seo. Beidh a bhaintreach, Ronit Lentin, linn ar an oíche le cúpla focal a rá, chomh maith le Eugene McCabe, scríbhneoir, agus Cathal Goan, iarCheannasaí TG4 agus RTÉ.

Ar an Déardaoin, an 25 Meán Fómhair, cuirfear i láthair CRÉ NA CILLE. Bhain an scannán seo a lán gradam amach, (IFTA, Féile Ceilteach). I measc na n-aisteoirí a ghlacann páirt ann, tá Bríd Ní Neachtain, Macdara Ó Fátharta, Peadar Lamb, Máire Ní Mháille, Joe Steve Ó Neachtain, Peadar Ó Treasaigh, Máire Ní Dhroighneáin, Tom Sailí Ó Flaithearta, Diarmuid Mac an Adhastair, Darach Ó Dúbháin, Máirín Ní Neachtain, Seán Ó Coisdealbha. Is é Robert Quinn stiúrthóir an scannáin.

Beidh léiritheoir an scannáin, Ciarán Ó Cofaigh, i mbun cainte i ndiaidh an taispeántais, chomh maith le Macdara Ó Fátharta agus eile.

Agus ansin taispeánfaimid POITÍN de chuid Bob Quinn, an chéad scannán déanta i gConamara i 1978 leis na haisteoirí, Dónal McCann, Niall Toibín, Cyril Cusack, Máirtin Jaimsie, Johnny Chóil Mhaidhc.

Beidh Bob i láthair tar éis an scannáin lena shaothar a phlé agus tá súil go bhfuil seans ann go mbeidh Niall Toibín féin i láthair freisin ach níl sé seo deimhnithe go cinnte go fóill.

Ar deireadh, beidh AN tÉIREANNACH FÁIN ag féachaint ar na bealaí scannánaíochta a d’úsáid an stiúrthóir ó Hollywood, Robert O Flaherty, nuair a rinne sé MAN OF ARAN. Sin oíche spéisiúil do na saineolaithe scannán! Beidh an léiritheoir Macdara Ó Curraidhin linn le labhairt faoi, chomh maith le Celine Curtin, léachtóir ó GMIT agus eile.

Scannáin le fotheidil.

I gcomhair le TG4.

Ticéid 8 Euro. Lascaine ar fáil má fhaightear ticéad séasúir.

eolas@nullantaibhdhearc.com

091 563600

SCANNÁIN AR STÁITSE

Thursday nights in An Taibhdhearc at 8pm.

A DISCOUNT OF 20% AVAILABLE WHEN YOU BUY A TICKET FOR ALL REMAINING FILMS TOGETHER

28 August: ‘Ó Conaire – An Fear’. SPECIAL GUESTS: actor Diarmuid de Faoite and producer Johnny White.
4 September: ‘Draíocht’ written by and starring Gabriel Byrne. SPECIAL GUESTS: Gerry McColgan, producer and actor Dave Duffy (Leo in ‘Fair City’).
11 September: ‘Siobhán/John Huston’ (double bill) about the famous actress Siobhán McKenna & the director John Huston. SPECIAL GUESTS: Gearóid Ó Cairealláin and his wife, Bríd Ní Ghallachóir from the drama company, Aisling Ghéar in Belfast; actor Ann Marie Horan; and producer of ‘John Huston’, Brian Reddin.
18 September: ‘Scéalta ó Theach na mBocht’ with Brendan Gleeson, Mick Lally and Ruth McCabe. Written by Eugene McCabe. SPECIAL GUESTS: Ronit Lentin, widow of Louis Lentin; Eugene McCabe, writer; and Cathal Goan, former head of TG4 and RTÉ.
25 September: ‘Cré na Cille’ based on the famous novel by Máirtín Ó Cadhain. SPECIAL GUESTS: Producer Ciarán Ó Cofaigh; Professor Gearóid Denvir; Macdara Ó Fátharta, writer agus actor.
2 October: ‘Poitín’ – Bob Quinn’s classic comedy. SPECIAL GUESTS:: Bob Quinn, director.
9 October: ‘An tÉireannach Fáin’. A documentary about Robert O Flaherty, who directed the programme ‘Man of Aran’. SPECIAL GUESTS: Macdara Ó Curraidhin, producer; Celine Curtin, lecturer in GMIT.

Irish filmmaking was given a boost by the launch of TG4 in 1996, giving voice to a new generation of filmmakers in Irish who went on to win many awards here and abroad for films and feature documentaries. This represents almost twenty years of telling stories on film, now you have a chance to see them again on stage!

Join us for post-show discussions with the producers at each event, including many special guests. So for lovers of the language and all films buffs out there, do come along and tell your friends- Thursdays in the Taibhdhearc at 8pm.

The season kicks off with the award-winning ‘O’CONAIRE- AN FEAR’, on Thursday 28th August at 8pm, on the life of Padraig O’Conaire. Remember that little guy who used to sit in Eyre Square with his ‘asal beag dubh’? Watch actor Diarmuid de Faoite bring him to life and perform some risqué scenes in the middle of Shop Street!

Diarmuid and the film’s producer, Johnny White, will be on stage after the event for questions and answers.

On Thursday 4th September there’s a very special film, DRAÍOCHT, starring Gabriel Byrne, first shown on the opening night of Teilifís na Gaeilge on Hallowe’en 1996. It was written by Byrne who plays a soldier coming home from the Congo. Charlotte Bradley also stars.

After the showing, producer Gerry Mc Colgan will talk to Anne McCabe, then Commissing Editor with TG4, about the making of the film which was directed by Áine O’Connor,

Throughout September and into October, Thursdays at the Taibhdhearc, SCANNÁIN AR STÁITSE / FILMS ON STAGE, continues with JOHN HUSTON, about his time in St Clerans, Craughwell; SIOBHÁN, about Galway actress Siobhán Mc Kenna; CRÉ NA CILLE, based on the famous book by Máirtín Ó Cadhain; and SCÉALTA O THEACH NA mBOCHT, (Tales from the Poorhouse), directed by Louis Lentin and starring Brendan Gleeson, Mick Lally and Ruth Mc Cabe. There is a documentary about the director of MAN OF ARAN, Robert Ó Flaherty, AN tEIREANNACH FÁIN and then Bob Quinn’s classic comedy, POITÍN.

All films and documentaries will be sub-titled unless otherwise stated.

These events are made possible with the kind support of TG4.

Price: 8 Euro. Discount available when a ticket is bought for all remaining films.

Contact:

eolas@nullantaibhdhearc.com

091-563600

 

Ainm: Scannáin ar Stáitse
Dates: I rith an Fhómhair.

Ceannaigh ticéid anois

Imeachtaí sa Taibhdhearc / Show Info