Sliocht

Sliocht1 

SLIOCHT eagraithe ag Cló Iar-Chonnacht

Ag tabhairt scríbhneoirí agus léitheoirí le chéile
Séasúr léamha próis á eagrú ag Cló Iar-Chonnacht ar fud na tíre

Scríbhneoirí: Joe Steve Ó Neachtain, Pádraic Breathnach, Jackie Mac Donncha.
Fear an Tí: Micheál Ó Conghaile
Saorchead isteach

Léamh próis, seisiún ceisteanna agus freagraí agus síniú leabhar.

Beidh deis ag an bpobal léirheoireachta triúr de na scríbhneoirí Gaeilge is bisiúla sa lá atá inniu ann a chloisteáil ag léamh óna saothar ag an ócáid SLIOCHT. Gheobhfar radharc ar shaol an scríbhneora agus ar an méid a spreagann iad chun pinn sa seisiún ceisteanna agus freagraí tar éis an léimh. Beidh síniú leabhar i ndiaidh na hócáide agus deis cómhrá.

Joe Steve Ó Neachtain
Ar an gCré Dhubh sa Spidéal a rugadh Joe Steve Ó Neachtain sa mbliain 1942 agus is ann atá cónaí air fós. Thóg sé suas a pheann sa mbliain 1969 agus níor scaoil sé uaidh ó shin é. Tá úrscéalta, dánta, gearrscéalta, drámaí, agallaimh bheirte, sceitseanna agus amhráin scríofa agus foilsithe aige. Tá lán a ghabháil de dhuaiseanna bainte amach aige ar a shaothar agus bíonn muintir Chonamara fré chéile ar bís ag fanacht ar an tabhartas is déanaí uaidh. Is é an cnusach aistí Ag Caint Linn Féin (2013) an leabhar is deireanaí uaidh.

Pádraic Breathnach
I Maigh Cuilinn a rugadh Pádraic Breathnach i 1942. Gearrscéalaí agus úrscéalaí é móide colúnaí leis an ráitheachán Moycullen Matters. Tá seacht gcinn déag de leabhair foilsithe aige, ina measc tá Bean Aonair, Buicéad Poitín, Íosla, An Pincín agus Scéalta Eile, Ingne Dearga Dheaideo, As na Cúlacha. Is leis an t-aistriúchán Luaithreach Angela ar mhórshaothar Frank McCourt. Is é Deargadaoil i mBád fó Thoinn an leabhar is deireanaí uaidh. 1992 bhronn an Foras Gael-Mheiriceánach Gradam Liteartha an Bhuitléaraigh air. É pósta, muirín is garmhuirín air.

Jackie Mac Donncha
I gCill Chiarián in iarthar Chonamara a rugadh agus a tógadh Jackie Mac Donncha agus is ann atá cónaí air. Tá riar maith duaiseanna bainte amach aige; duaiseanna ag Gradam Liteartha an Oireachtas, gradam IFTA (Irish Film & Television Academy), agus gradam ag Féile na Meán Cheilteach ina measc. Bhain a shaothar Bróga Johnny Thomáis an chéad áit amach i gComórtas Liteartha Chló Iar-Chonnacht i 2012.

Micheál Ó Conghaile
As Inis Treabhair i gConamara ó dhúchas é Micheál Ó Conghaile. Scríbhneoir bisiúil, éirimiúil é agus is iomaí duais atá buaite aige as ucht a chuid scríbhneoireachta. Ar na duaiseanna atá bainte aige tá Príomh-Dhuais Litríochta Hennessy agus Scríbhneoir Nua Éireannach na Bliana, Gradam Liteartha Butler, ainmniúchán ar ghearrliosta Dhuais Liteartha The Irish Times 2001 agus duais Stewart Parker/BBC Uladh. Beidh cnuasach nua gearrscéalta leis á fhoilsiú i 2015.

SLIOCHT organised by Cló Iar-Chonnacht

Bringing writers and readers together
A season of prose readings nationwide with Cló Iar-Chonnacht writers

Writers: Joe Steve Ó Neachtain, Pádraic Breathnach and Jackie Mac Donncha
MC: Micheál Ó Conghaile
Entry free of charge

Joe Steve Ó Neachtain
Born in An Chré Dhubh in An Spidéal in 1942, Joe Steve has been writing creatively since 1969. His radio drama series, Baile an Droichid, on Raidió na Gaeltachta from 1985 to 1995, received a Jacobs Award. His collection Clochmhóin (1998) received Cló Iar-Chonnachta’s literary award in 1998 and was nominated for The Irish Times Literary Prize the following year. His most recent work is the collection of essays Ag Caint Linn Féin (2013).

Pádraic Breathnach
Pádraic Breathnach was born in Moycullen, Co. Galway in 1942. He is a short story writer, novelist and columnist with the quarterly publication Moycullen Matters. Seventeen of his books have been published, including the titles Bean Aonair, Buicéad Poitín, Íosla, An Pincín agus Scéalta Eile, Ingne Dearga Dheaideo, As na Cúlacha and his most recent book, Deargadaoil i mBád fó Thoinn (2012). He was also the translator for the bestselling Irish version of Frank McCourt’s celebrated book Angela’s Ashes. In 1992 he was awarded the Butler Prize by the Irish-American Cultural Institute.

Jackie Mac Donncha
From Cill Chiaráin in west Connemara, Jackie still resides there. An accomplished writer he has garnered many awards incuding an IFTA (Irish Film & Television Academy) award, a Celtic Media Festival Award and many Oireachtas literary awards. His collection Bróga Johnny Thomáis won first place in the Cló Iar-Chonnacht literary awards in 2012.

Micheál Ó Conghaile
Micheál Ó Conghaile is from Ceantar na nOileán in Connemara in Co. Galway. He is the founder and managing director of Cló Iar-Chonnacht publishers. He is a prolific and versatile writer who has received numerous prizes for his work, including being nominated for the Irish Times Literary Award, and winning the Hennessey Young Writer of the Year Award and the Butler Literary Award. His latest collection of short stories will be published in 2015.
 

Ainm: Sliocht
Dáta/Date: 4 Samhain 2014.
Saorchead isteach

Imeachtaí sa Taibhdhearc / Show Info

Déan Teagmháil Linn

© An Taibhdhearc 2014
Tá chuile cheart ar cosnamh.

Website Design & Dev by Aoife Kelly