Children’s Theatre

Lugh, Lasair agus an Draoi Briste

Beidh an dráma Lugh, Lasair agus an Draoi Briste ar bun san ‘Amharclann Speisialta’ ar an gCeathrú Rua ón Aoine 19 Aibreán – Luan 22 Aibreán, 2019.

Amharclann atá cóirithe go speisialta don ócáid í ‘An Amharclann Speisialta’ atá lonnaithe i monarcha de chuid Údarás na Gaeltachta ar Eastát Tionsclaíochta na Ceathrún Rua (idir an Stáisiún Dóiteáin agus an tIonad Cúram Leanaí).

Go deimhin, tá chuile short a bhaineann leis an dráma seo speisialta!

Is dráma nua-scríofa é le Darach Mac Con Iomaire faoi choimisiún ag Tuismitheoirí na Gaeltachta agus beidh suas le 75 gasúr páirteach ann ó ranganna na heagraíochta a bhíonn ar bun i gCois Fharraige, An Cheathrú Rua, Ceantar na nOileán agus Carna.

Dráma faoi chúrsaí comhshaoil atá ann agus an scrios atá á dhéanamh ar an dúlra. Tá an téama seo le feiceáil i chuile ghné den léiriú – an seit á tógáil go speisialta ag an ealaíontóir Dara McGee ag úsáid ábhar ath-chúrsáilte (sean-mheaisíní níocháin agus a leithéid) agus na cultacha á ndéanamh ag an dearthóir Breege Fahy as sean-phlaisteach.

Beidh damhsa nua-aimseartha agus ceol nua-chumtha ann freisin mar a bhfuil Ríonach Ní Néill agus Morgan Cooke ag obair leis na gasúir.

I mbun oibre leis na gasúir freisin tá Eoghan Ó Loideáin, Máire Áine Ní Chuaig, Treasa Uí Chuaig, Máirín Nic Con Iomaire, Sarah Healy, Sorcha Ní Chéide agus Úna Ní Fhlatharta. Darach Mac Con Iomaire atá á léiriú agus an obair ar fad faoi stiúir fhoireann agus bord stiúrtha Thuismitheoirí na Gaeltachta.

Tá €12 agus €8 ar na ticéid, agus iad ar fáil ón Taibhdhearc ar 091-562024 nó arlíne anseo

Léirithe i gcomhar leis An Roinn Cultúir Oidhreacht agus Gaeltachta; An Taibhdhearc; Foras na Gaeilge; Údarás na Gaeltachta; Comhar Creidmheasa Cholm Cille; Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Comhairle Chontae na Gaillimhe, TG4 agus Raidió na Gaeltachta.