An scéal is déanaí

Ticéid ar díol do Ghilín Sneachta, Geamaireacht na Nollag, 2017.


Gilín Sneachta agus an Seachtar Scallywag sa Taibhdhearc don Nollag.
An Taibhdhearc 13-21 Nollaig, 2017.

Gilín Sneachta agus an Seachtar Scallywag
le Maeve Ingoldsby
Stiúrthóir: Éamonn Draper
Stiúrthóir Ceoil: Eadaoin Breathnach
Léiritheoir: Anne McCabe

Sa chliar tá Gilín Róisín Finn, Tara Breathnach, James Riordan, Daithí O’Donnell, Dómhnall Ó Braonáin, Caitríona Ní Dhomhnaill.

“A scatháin, a scatháin, inis go fíor, cé hí an duine is áille sa tír?’

Bíodh spraoi den chéad scoth agaibhse an Nollaig seo le geamaireacht thaitneamhach na Taibhdheirce 2017! Is leagan nua den seanscéal atá againne i mbliana le neart grinn, damhsa, ceoil agus craic don chlann ar fad.

Tar isteach chuig An Taibhdhearc le geamaireacht spraíúil na Nollag a fheiceáil – Gilín Sneachta agus an Seachtar Scallywag. Bain greim as úll nimhneach an domhain naimhdigh, dhainséaraigh seo. Seachain an leasmháthair crúalach agus lucht an oilc agus tú os comhair scathán dhraíochtúil na seanchaillí. I measc an rí-rá ar fad, an eiróidh leis an gcineáltas agus an grá ar deireadh thiar thall?

Tar linn ar thuras ón amharclann go dtí domhan draíochtúil an bhanphrionsa álainn atá lán le scallywags agus taibhsí dána.

“Ní féidir liom bréag a insint faraor. Ní tusa an duine is áille sa tír.”

13, 14, 15*,16, 17, 19, 20, 21 Nollaig ar 7:00i.n.
16. 17 Nollaig ar 2:00i.n.
15 Nollaig – seó scoile ar 11:00r.n.

Ticéid:
€40 – clann (2 duine fásta, 2 ghasúr)
€15 – duine fásta
€10 – gasúr
Lascaine ar fáil do ghrúpaí.