An Bord

  • Siobhán Nic Fhlannchadha

    Cathaoirleach

    Tá an Dr Siobhán Nic Fhlannchadha ina Bainisteoir Tionscadail ar Think Again, scéim scoláireachta do mhná i gColáiste Ollscoile Baile Átha Cliath. Bronnadh PhD sa tSíceolaíocht ar an Dr Nic Fhlannchadha ó Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath i 2016, le maoiniú ó COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta). Tá sí ar Bhord Stiúrthóirí An Taibhdhearc le cúig bliain, agus chaith sí trí bliana mar Rúnaí.

    Tógadh i nGaillimh í agus chaith sí tréimhsí fada sa Taibhdhearc agus í ina déagóir. Ba bhall í do Na Crosáin, Amharclann Óige na Taibhdhearc. Bhí sí ina Reachtaire ar Cumann Drámaíochta Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath ar feadh dhá bhliain. Tá cónaí uirthi anois i gCill Mhantáin agus tá páiste amháin aici.

  • Áine Ní Éalaí

    Leas Chathaoirleach

    Is as Cois Fharraige í Áine. Tá cúlra aici sna hEalaíona agus Dlí an Chearta Daonna. Tá cónaí uirthi anois i gCorca Dhuibhne áit a bhfuil sí ina Bainisteoir Ginearálta leis an gcompántas rince amharclainne Teaċ Daṁsa

    Foilsíodh filíocht léi le déanaí i gcnuasach ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus Arlen House. Tá spéis faoi leith aici i scríobh na drámaíochta Gaeilge agus duaiseanna bainte amach ag a saothar ealaíne ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh, ón Oireachtas agus ón gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta.

    Tá sí mar chomhalta boird ar an Taibhdhearc ó 2020.

  • Susan Folan

    Rúnaí

    Is as cathair na Gaillimhe, ó dhúchas de Susan Folan atá ag obair in Ollscoil na Gaillimhe ó 2008. Tá sí ar dhuine den bheagán daoine atá cáilithe agus creidiúnaithe mar ateangaire gairmiúil le Gaeilge agus bíonn sí ag obair go rialta in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Is ball í d’Acadamh na dTeagascóirí de chuid an Choimisiún Eorpaigh agus rinne sí an chéad scrúdú creidiúnaithe d’ateangairí a dhearadh agus a reáchtáil do Thithe an Oireachtais i 2020. Roimh di dul leis an saol acadúil fostaíodh Susan mar fheidhmeannach forbartha don CONCOS: Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, Cónaidhm de 47 Coláiste Samhraidh. Tá saineolas aici ar an tumoideachas i dteangacha mionlaigh chomh maith le hoiliúint agus measúnú na hateangaireachta.

  • Tara Breathnach

    Is aisteoir í Tara a d'fhreastail ar The Royal Welah College of Music and Drama agus An Gaitey i mBaile Átha Cliath. Oibríonn sí ar stáitse agus ar an scáileán. I measc na léiriúcháin stáitse inar ghlac sí róil iontu tá :'Dancing at Lughnasa' leis an Blue Teapot Theatre, 'Walking to the Ark', Derry Playhouse, 'Amhráin an Bhonnáin Bhuí 'An Taibhdhearc, agus 'Sruth na Teanga' Branar. Léirigh sí agus chuaigh sí ar chamchuairt lena seó aonarach 'Molly' bunaithe ar Ulysses. D'oibrigh sí freisin leis an Donmar Warehouse, Fíbín, Aisling Ghéar, Focus Theatre,Druid agus an Lyric. Fuair sí ainmniúchán IFTA agus Gradam Bingham Ray don ról a rinne sí sa scannán 'A Nightingale Falling' agus fuair sí duaiseanna Gradam Chumarsáide an Oireachtais don aisteoir is fearr as a cuid oibre ar an scannán 'Maidhm' agus a ról i 'Ros na Rún'. Ghlac sí ról sa ghearrscannán Detainment a bhí ainmnithe do na Oscars i 2019. I measc na cláir eile atá déanta aici tá: Jack Taylor, Holby City, The Last Days of Anne Boleyn, The Tudors, Murdair Mhaum Trasna, Na Cloigne agus Foscadh. I mbliana thaifead sí an scannán Fréwaka agus an sraith theilifíse Borderline. Beidh sí le feiceáil sa scannán 'Dune:Halfway' i 2024.

  • Deirbhile Ní Churraighín

    Is as Teileann in iardheisceart Dhún na nGall í Deirbhile Ní Churraighín.

    Thosaigh sí a saol drámaíochta le Aisteoirí Theileann sular bhog sí go TG4 i 1996 áit a raibh sí ina láithreoir teilifíse ar feadh an chead sé bliana.

    Ina dhiaidh sin, b’í an príomh ceannaitheoir do TG4, ag roghnú scannáin, sraitheanna drámaíochta agus cláir faisnéise don chainéil.

    Anois is í an eagarthóir coimisiúnaithe i gceannas ar dhrámaíocht. Faoina cúram tá Cine4, Ros na Rún agus sraitheanna drámaíochta éagsúla.

    Bhí sí ina cathaoirleach ar bhord na Taibhdheirce ó 2020 go dtí 2024

Comhaltaí nua á lorg ag Bord An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge

Eolas faoin Taibhdhearc

Tá fáil ar chartlann na Taibhdheirce i Leabharlann Shéamais Uí Argadáin in Ollscoil na Gaillimhe.

Scéal agus stair na Taibhdheirce

Is iomaí forbairt atá tarlaithe sa Taibhdhearc ó bunaíodh í sa bhliain 1928, agus tá sí fós ag tógáil ar a bunchloch daingean agus ar aidhm a bunaitheoirí, go mbeadh An Taibhdhearc mar theallach ag drámaíocht na Gaeilge agus go spreagfadh sí nuadhrámaíocht na Gaeilge.

Bunú na Taibhdheirce

Tosaíonn scéal na Taibhdheirce sa bhliain 1927, tráth a raibh scéal i mbéal an phobail go raibh giúmar báúil, croíúil agus flaithiúil amach is amach ar an Aire Airgeadais, Earnán de Blaghad i leith na drámaíochta. Bhí saoirse nuabhainte sa tír agus bhí faobhar le gluaiseacht athbheochan na Gaeilge. Thug an tOllamh Liam Ó Briain, Ollamh na dTeangacha Románsúla i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh aghaidh ar Bhaile Átha Cliath agus fís faoin a ascaill aige, is é ag lorg tacaíochta ón Aire le haghaidh amharclann lán-Ghaeilge. Nuair a bhuail sé anoir arís bhí £600 faoina ascaill aige leis an bhfís a chur i gcrích. Is mar sin a tháinig an Taibhdhearc ar an saol i 1928.

Is beag cosúlacht a bhí ag Taibhdhearc na linne sin leis an téatar atá ann inniu. Thángthas ar sheanhalla (Father Crotty’s Hall) leis na hAibhistínigh sa tSráid Láir nár baineadh úsáid as le blianta fada. Fuair an amharclann é ar chíos íseal. Ní gá a rá nach raibh aon chíos á íoc ag na taibhsí a raibh cead a réime acu sa seanhalla sular tháinig an Taibhdhearc isteach. Tá said bríomhar fós, deirtear!

Taibhdhearc: Céard é féin?

Focal fíorshean ó Leabhar Ard Mhacha ón 9ú aois, is ea an focal Taibhdhearc; cumtha as meascán de taibh agus dearc. Is í an chiall atá leis ná radharc nó láthair draíochtúil. Ar ndóigh bhí ar na bunaitheoirí go leor a chumadh agus a cheapadh agus a tharraingt as an aer le go n-éireodh leis an amharclann.

Seoladh na Taibhdheirce

Bhí coiste díograiseach cruinnithe faoin am seo agus an Dochtúir Séamas Ó Broin ina Chathaoirleach orthu. Bhí Liam Ó Briain ina measc. Bhí dhá dheacracht mhór os comhair an choiste seo, ganntanas aisteoirí agus ganntanas drámaí dúchasacha.

Tháinig leigheas ar an dá fhadhb seo, sa ghearrthéarma ar aon nós, nuair a thúirling Compántas Shakespeare Anew McMaster i nGaillimh le léiriú de The Taming of the Shrew. Tharraing buanna dhuine de na haisteoirí aird an Ollaimh Uí Bhriain. Más fíor a n-instear, chas sé chuig Sean Phádhraic Ó Conaire a bhí ina shuí in aice leis agus chuir sé an cheist, “Cé hé siúd?”, “Mícheál Mac Liammóir,” a d’fhreagair Sean Phádhraic, “Tá greadadh Gaeilge aige.” Chuaigh siad chun cainte leis agus fostaíodh é mar Stiúrthóir Ealaíne.

Chuir Mícheál Mac Liammóir tús spleodrach le saol na Taibhdheirce. Thug sé draoiocht agus dúthracht leis chuig an amharclann. Dúine de mhórphearsana an téatair in Éirinn, bhain sé clú agus cáil leitheadach dó féin mar sháraisteoir agus údar.

An Chéad Léiriú

Fágadh ag Mac Liammóir agus a chomhghleacaí Hilton Edwards, feoil a chur ar chreatlach na físe d’Amharclann Náisiúnta na Gaeilge. Cinneadh dráma nua a stáitsiú leis an Taibhdhearc a sheoladh agus b’é sin Diarmuid agus Gráinne a scríobh Mícheál é féin. Bhí Mac Liammóir féin foirfe mar Dhiarmuid, má tá tuairiscí na gcailíní i siopa tae Uí Loidáin i Sráid na Siopaí sa Ghaillimh le creidiúint. “Baineadh geit asainn uilig, bhí sé chomh slachtmhar sin,” a deir duine acu, “thit muid uilig i ngrá leis.” Is cosúil go ndearna sé gaisce soilseach sa phríomhpháirt mar Dhiarmuid an Ghrá.

Bhí neart réalta eile ar stáitse le Mac Liammóir ar an oíche sin, 27 Lúnasa 1928, nuair a osclaíodh an dráma. Ina measc bhí an file Máirtín Ó Direáin a ghlac ról beag ann, chomh maith leis an bhfonnadóir cáiliúil Máire Ní Scolaí, a rinne páirt Ghráinne go niamhrach agus a bhain cáil idirnáisiúnta amach ina dhiaidh sin as a cuid amhránaíochta.


Ó shin i leith

I gcaitheamh na mblianta ó Lúnasa 1928, is breá an comhluadar a bhí ag na haisteoirí a sheas ar stáitse na Taibhdheirce ar an gcéad oíche. Faoin am go raibh 25 bliain bainte amach ag an amharclann bhí glúin nua aisteoirí tagtha chun cinn le páirt a ghlacadh i léiriú ceiliúrtha Dhiarmuid agus Gráinne le Mac Liammóir. Ina measc, bhí Peadar LambeTreasa Davidson agus Eithne Ní Loidáin.

Aisteoirí sa Taibhdhearc

Ar na haisteoirí ba mhó le rá i stair na Taibhdheirce bhí Siobhán Nic Cionnaith, a chuaigh ar aghaidh ón aisteoireacht amaitéarach le bheith ina haisteoir gairmiúil ar stáitse agus sna scannáin agus a bhain cáil amach don Taibhdhearc i léiriú de San Siobhán – St. Joan – le Shaw; dráma a d’aistrigh sí féin go Gaeilge. Tá cuimhne fós ar na ngaisce a rinne Coiril [agus Páidín] i gcaitheamh na mblianta ar stáitse. Is fiú freisin Mícheál Lally agus Seán Mc Glory a lua.

Léirithe sa Taibhdhearc

Ar na leirithe a ba mhó le rá de chuid Thaibhdhearc na Gailimhe níos faide anonn, bhí:

  • An Triail le Mairéad Ní Ghráda

  • Waiting for Godot le Samuel Becket

  • An Giall le Breandán Ó Beacháin

  • Mise Raifteirí le Criostóir Ó Floinn

  • Imeachtaí na Saoirse le hAntoine Ó Flatharta

  • Ortha na Seirce le Johnny Chóil Mhaidhc

  • Iúdás Iscariot agus a Bhean le Seán Ó Tuama

  • Cúirt an Mheán Oíche le hEoghan Ó Tuairisc

  • Óinseacha le Pádraig Ó Giollagáin

  • Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain
    (cóirithe don stáitse ag Mac Dara Ó Fátharta)

  • Maggie Mhór le John B. Keane

  • An Spuaic Sóláis le Bryan McMahon

  • Buachaill Báire an Domhain Thiar le John B. Synge

  • Harvey le Mary Chase

  • Ag Claí na Muice Duibhe le Vincent Woods

  • Cúigear Chonamara le Mícheál Ó Conghaíle

  • Scaoil leis an gCaid le Breandán M. Mac Gearailt

  • Cripil Inis Meáin le Martin McDonagh

  • Lig Sinn i gCathú le Breandán Ó hEithir

  • Níor Mhaith Liom Do Thrioblóid le Joe Steve Ó Neachtain

  • Coinneáil Orainn le Darach Ó Scolaí

Traidisiún Beo

Mar a bhí ón tús, is le cos amháin sa traidisiúin agus aghaidh ar an todhchaí a fhorbraíonn Taibhdhearc na Gaillimhe. Tacaítear leis an nglúin nua trí scéim Na gCrosán, a thugann oiliúint amharclannaíochta do dhéagóirí. Sa bhliain 1999, sheol Bord na Stiúrthóirí polasaí nua ealaíne. B’é sin níos lú drámaí a léiriú ach go mbeadh gach léiriú á mhaoiniú ag leibhéal iomlán gairmiúil. Ceapadh Darach Mac an Iomaire mar an chéad Stiúrthóir Ealaíne faoin scéim nua agus is mó rudaí fónta a chuir sé leis an amharclannaíocht sa Taibhdhearc.

An Ród Seo Romhainn

Ag leanúint leis an bhfís a bhí ag lucht a bunaithe, go mbeadh An Taibhdhearc mar láthair d’ócáidí agus do dhrámaí Gaelacha go ginearálta, táthar ag cur i gcónaí leis an réimse siamsaíochta a bhíonn ar fáil sa Taibhdhearc idir dhamhsa, ceoldrámaí, oícheanta ceoil agus réimse leathan drámaíochta ar feadh na bliana. Is iomaí oíche shuáilceach, aislingeach a caitheadh i dTaibhdhearc na Gaillimhe ón mbliain 1928 agus leanfar leis an traidisiún sin amach anseo.