Rialachas

Rialacha Uainíochta

Rialacha uainíochta mar atá sa mheamram agus sna healaíona – Ní gá do bhaill an bhoird éirí as trí uainíocht ach tá riail 5 bliana curtha i bhfeidhm ag Fíbín, ar aontaigh an bord leis. Tá muid sa phróiseas faoi láthair ina bhfuil muid ag déanamh nuashonrú ar ár n-airteagail chomhlachais chun an rud céanna a léiriú. Braitheann muid gurbh tréimhse ama maith í sin chun aithne a chur ar an gcomhlacht agus a bheith éifeachtach agus ag am ceánna beidh muid ag seachaint an cás go mairfidh an bord ró-fhada. Cinnteoidh sé seo rialú maith corparáideach.

Pá Ealaíontóirí

Tá polasaí ag Fíbín maidir le pá daonlathach do gach duine ar stáitse. Tá túsáite ag íocaíocht chóir agus chothrom d’ealaíontóirí inár straitéis foriomlán do na healaíona, agus inár gcomhpháirtíochtaí agus inár gcaidrimh oibre.

Polasaí Cosaint Leanaí

Fíbín Abhcoídeacht comhionannais agus éagsúilachta

Éileamh ar mhaoiniú inbhuanaithe

Tá Bord An Taibhdhearc ag iarraidh ar Rialtas na hÉireann, go háirithe ar An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, aitheantas a thabhairt don éagothroime reatha sa mhaoiniú. Tá gealltanas á lorg againn ón rialtas an éagothroime seo a chur ina cheart tríd an tacaíocht airgeadais riachtanach a chur ar fáil le go mbeidh an amharclann náisiúnta Gaeilge in ann oibriú agus a bheith rathúil.

Cuirfidh maoiniú bliantúil de €2 mhilliún, mar aon le tiomantas do thimthriall maoinithe trí bliana ag an méid seo, ar chumas An Taibhdhearc a cuid aidhmeanna a bhaint amach. Tá luach na hinfheistíochta seo léirithe ANSEO.

Creidimid gur chóir gach ionad ealaíon a mhaoiniú sa chaoi is gur féidir a gcuid spriocanna a bhaint amach. Faigheann An Taibhdhearc codán fíor-bheag den bhunmhaoiniú straitéiseach a fhaigheann amharclanna Béarla in Éirinn (€320,000 in aghaidh na bliana).

Tá áit ar leith ag An Taibhdhearc i samhlaíocht mhuintir na Gaeltachta, agus cainteoirí Gaeilge ar fud oileán na hÉireann. Bhreathnaigh glúnta pobail Ghaeilge ariamh, maraon le healaíontóirí, drámadóirí agus an pobal i gcoitinne, ar An Taibhdhearc mar fhoras tábhachtach cultúrtha: ceann a thugann brí, braistint féiniúlachta agus muintearas, agus áit inar féidir taithí a fháil ar an amharclannaíocht agus ar na healaíona inár dteanga dhúchais agus i gcéad teanga oifigiúil na tíre seo.

Achoimre - Éileamh ar mhaoiniú inbhuanaithe