Baboró
Féile Ealaíon Idirnáisiúnta do Pháistí
13 - 22 Deireadh Fómhair
Beidh Baboró ar ais sa Taibhdhearc don 27ú Féile Ealaíon Idirnáisiúnta do Pháistí, a bheidh ar siúl ón Aoine 13ú go dtí an Domhnach 22ú Deireadh Fómhair 2023. Is í Babóró an fhéile is mó in Éirinn atá dírithe ar pháistí agus teaghlaigh.
Rí-Rá le Rita
Máire Zepf & Mr Ando
16ú Deireadh Fómhair
Do pháistí idir 6-8 bliana d'aois
an Luan 16 Deireadh Fómhair 10.00, 12.00
Feiliúnach do Ghaeilgeoirí
Ticéid: €4 an duine
Fad: 60 nóim
Seo chugaibh Máire Zepf agus Mr Ando, údar agus maisitheoir na sraithe ‘Rita’ agus iad ag cur i láthar eachtra nua Rita – Rita agus an Dineasár. Bí ag dúil le scéalaíocht, ceol, comhrá, ealaín bheo agus, ar ndóigh….DINEASÁIR! Beidh an seisiún bríomhar idirgníomhach (dátheangach) seo oiriúnach do pháistí le Gaeilge líofa.
Little Murmur
Aakash Odedra Company
17ú -19ú Deireadh Fómhair
Do pháistí idir 7-14 bliana d'aois
an Mháirt 17 Deireadh Fómhair 12.30, 19.00
an Chéadaoin 18 Deireadh Fómhair 10.00, 12.00, 17.00
an Déardaoin 19 Deireadh Fómhair 10.00, 12.00
Ticéid: €12 do dhaoine fásta & €8 do pháistí
Fad: 40 nóim
Turas macánta, greannmhar agus croíúil trí cora casta an tsaoil le disléicse agus rudaí a fheiceáil ar bhealach difriúil.
Is seó amharclannaíochta damhsa é Little Murmur atá bunaithe ar an bhfíorscéal faoi pháiste a thugann faoi deara go raibh a n-ainm féin á mhílitriú acu.Cuireann Aakash iad féin in iúl tríd an rince.
Le béim curtha ar fuaimeanna urghnách, teilgean úrnua, agus na múrtha de pháipéar agus coinfití.
An Ant called Amy
Julie Sharkey
20ú -22ú Deireadh Fómhair
Do pháistí idir 5-8 bliana d'aois
an Aoine 20 Deireadh Fómhair 10.00, 11.30
an Satharn 21 Deireadh Fómhair 12.00, 14.00
an Domhnach 22 Deireadh Fómhair 12.00, 14.00
Ticéid: €12 do dhaoine fásta & €8 do pháistí
Fad: 25 nóim & 10 nóim ceisteanna leis an lucht féachana
Tá an scéal seo faoi sheangán, Amy (seangán a bhfuil duaiseanna buaite aici), a deartháir Andy agus Damhán Alla Donn.
Bíonn Amy ag obair go dian. Nuair a bhuann sí gradam Fostaí na Míosa, mothaíonn Amy sonas a thugann inspioráid di dul chun cinn a dhéanamh. Ní dtagann sí trasna ar fíorshonas gan cabhair uaidh an damhán alla.Tosaíonn sí ag coinneáil a deartháir ina gcuimhne go laethúil.Chuirfeadh an scéal seo tocht ort agus an seangán beag ag foghlaim conas é a thógáil go bog.
Léiriú de chuid Ionad Ealaíon Ros Comáin, scríofa & léirithe ag Julie Sharkey agus stiúrtha ag Raymond Keane.