
Saothar Nua/Deiseanna
Cur ar an n-eolas muid faoi do script nó do smaointe
Scripteanna i nGaeilge nó scripteanna dátheangacha
Glacfar le doiciméid i bhfoirm PDF nó i bhfoirm Word amháin; uasmhéid 10MB.
Glacfar le drámaí fada amháin – mar threoir duit, bíodh ar a laghad 50 leathanach ann nó 25-30 leathanach más monológ atá i gceist.
Saothar amháin ag an am, mura mhiste libh.
Ní ghlacfar le drámaí telifíse, drámaí raidió nó script scannán. Ní ghlacfar ach an oiread le húrscéalta, filíocht nó cóiriú ar shaothar eile.
Léiritheoirí/drámadóirí/compántaisí drámaíochta
Bí i dteagmháil linn!
Má tá smaoineamh agat do dhráma, breac síos do smaointe ar leathanach:
1. Céard é an dráma nó píosa amharclannaíochta?
2. Cén fáth a bhfuil tú ag iarraidh léiriú a dhéanamh air?
3. Conas a chuirfidh tú do smaoineamh i gcrích?
Seol clár tobsmaointe nó do c(h)uid smaointe maidir leis an dearadh nó seol chugainn aon ábhar eile a thabharfas léargas soiléir dúinn ar do bhunsmaoineamh.
Seol an t-ábhar chuig: eolas@antaibhdhearc.ie