07/03/2025
Tá muid ar an mbóthar!
Bliain ón lá inniu, fógraíodh maoiniú inbhuanaithe do An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge.
Thug Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan TD, cuairt ar an Taibhdhearc ar 7 Márta 2024 agus d’fhógair sé pacáiste infheistíochta do luach €5.78m don Amharclann don tréimhse 2024-2027. Tá sé seo mar chuid den maoiniú a tháinig leis an seoladh den Straitéis d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge ar an lá.
Dúirt an Dr Siobhán Nic Fhlannchadha, Cathaoirleach Boird An Taibhdhearc: “Is cinneadh suntasach é seo d'amharclannaíocht na Gaeilge agus An Taibhdhearc. Aitheantas oifigiúil atá sa mhaoiniú ar an ard mheas atá tuillte ag amharclannaíocht na Gaeilge. Tá súil againn go dtacóidh sé le gairmí uile amharclannaíocht na Gaeilge a bhfuil an t-aitheantas agus an infheistíocht seo ag dul chucu. Tabharfaidh sé deis dúinn foireann cheannródach a fhostú, go lán-aimseartha sa Taibhdhearc, chun réimse leathan amharclannaíochta ar ard chaighdeán a chur ós comhair an phobail.”
Siobhán Nic Fhlannchadha (Cathaoirleach an Bhoird), Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan TD, agus Susan Folan (Rúnaí an Bhoird)