Foireann
-
Darach Ó Tuairisg
Stiúrthóir agus Bunaitheoir
Is léiritheoir, Príomhfheidhmeannach agus bunaitheoir Fíbín é Darach Ó Tuairisg. Tá múnlú agus forbairt déanta ag Darach ar Fíbín le fiche bliain anuas agus tá Fíbín ar cheann de na hamharclanna neamhspleácha Gaeilge is mó in Éirinn, atá lonaithe anois sa Taibhdhearc– Amharclann náisúnta na hÉireann. Thosaigh Darach amach ag aisteoireacht ar an teilifís agus ar an stáitse, agus chuaigh sé ar aghaidh chun drámaí a léiriú ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta.
-
Pearse Doherty
Léiritheoir Sinsearach
Tá clú agus cáil ar Pearse Doherty mar gheall ar a bainteach le léiriúchán imeachtaí beo ó 1988 agus tá an-áthas air a bheith ag obair mar Léiritheoir Sinsearach anois le Fíbín ar an gcaibidil nua spreagúil seo sa Taibhdhearc. Rugadh agus tógadh é i nDún na nGall, iarmhac léinn de chuid UCG sna 80í, sheinn sé leis na Saw Doctors ar feadh 15 bliana. D’oibrigh sé mar go neamhspleách mar bhainisteoir léiriúcháin agus léiritheoir imeachtaí ag féilte ceol (Electric Picnic, Sea Sessions, Aiken Promotions).
-
Jay De Búrca
Bainisteoir teicniúil
Is mac le Seán Seosamh de Búrca, an scríbhneoir agus amhránaí ar an sean-nós clúiteach, é Jay De Búrca. Is innealtóir fuaime, teicneoir agus léiritheoir ceoil as Baile Bhuirne, i Co. Corcaigh é Jay. Sular tháinig Jay ag obair leis An Taibhdhearc, d’oibrigh sé mar cheannasaí fuaime agus soilse i ‘The Loft’, láthair cheoil i gcathair na Gaillimhe agus tá obair déanta aige in amharclanna na Gaillimhe freisin. Chomh maith leis sin, bhí comhlacht léiriúcháin aige, a chur córas PA ar fáil. Tá suim mhór aige i gceol neamhspleách iarthar na hÉireann agus ó 2010-2018, léirigh sé taispeántas seachtainiúil ‘Citóg’, a chur stáitse i gcathair na Gaillimhe ar fáil do na céadta ealaíontóirí, as Éirinn agus níos faide i gcéin. Bhí sé ag obair mar theicneoir soilse agus fuaime do ‘Livefeed’, togra do dhaoine óga na Gaillimhe le Music Generation. Tá ríméad air a bheith ar fhoireann Fíbín sa Taibhdhearc.
-
Isobel Ní Nuanáin
Bainisteoir Foirgneamh
Tá ríméad ar Isobel a bheith mar bhall d'fhoireann na Taibhdheirce tar éis di céim onóracha a bhaint amach sa Chumarsáid agus Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe. Thosaigh Isobel ag obair le Fíbín sa Taibhdhearc ag tús 2022 agus í ar thréimhse socrúchán oibre, uaidh sin bhain sí thaithí amach ag obair linn ar ár léiriúcháin: Fiach (2022), Baile Beag Mór (2022) agus Muc Rí (2022). Tá suim mhór ag Isobel sa drámaíocht agus sna meáin. D'oibrigh sí leis an chomhlacht aitheanta 'The Nightmare Realm' ar feadh trí bliana ag déanamh smididh agus aisteoireacht leo. Bhí sí mar láithreoir ar na cláir raidió 'Caoi Cainte' agus 'Glór na Gaillimhe' (a bhuaigh gradam SMEDIA i 2023) a gcraoladh ar Flirt FM ar feadh dhá bhliain. Chaith sí tréimhse ag obair leis an gcomhlacht 'Let's Learn Irish' ag cruthú ábhair ar na meáin shóisialta agus ag déanamh láithreoireacht ar a gcuid scéalta Instagram.
-
Ferdia Pleimeán
Bainisteoir an Caifé/Béar
Thosaigh Ferdia ag obair leis an Taibhdhearc mar bhall den fhoireann caife/beáir i 2022. Bhain sé céim onóracha amach san Aistriúchán agus sa Ghaeilge ó Ollscoil na Gaillimhe. Tá roinnt obair aistriúcháin déanta ag Ferdia don Taibhdhearc chomh maith le bheith ag bainistiú an Caifé/Béar.
Sular thosaigh Ferdia ag obair sa Taibhdhearc, d'oibrigh sé i gColáiste Chinéail Eoghain, Dún na nGall mar aistritheoir, múinteoir ionadaíochta agus trás-scríbhneoir. Tá tréimhse chaite aige mar theagascóir agus comhordaitheoir na meáin shóisialta don chomhlacht Let's Learn Irish freisin.
Nuair nach bhfuil Ferdia taobh thiar den bheár nó ag déanamh lattes áille bíonn sé ina dioscmharcach ag casadh ag féile mór le rá cosúil le Electric Picnic agus imeachtaí áitiúla anseo i nGaillimh.