Back to All Events

Bláth na hÓige

  • Taibhdhearc Theatre 19 Middle Street Galway, G, H91 RX76 Ireland (map)

Bláth na hÓige

Féile Cheoil Thraidisiúnta na Gaillimhe

Dé Domhnaigh, 17 Samhain 2024

Is comharghrúpa nua ceannródaíoch amhránaíochta é Bláth na hÓige a tháinig le chéile mar chuid de shraith teilifíse a léirighAniar do TG4 faoi stiúir an amhránaí Síle Denvir agus an veidhleadóra Colm Mac an Iomaire. Tugann an tionscnamh seo ardán cruthaitheach do na hamhránaithe ildánacha Caoimhe agus Séamus Ó Flatharta, Méabh Ní Bheaglaoich, Cathal Ó Curráin, Megan Nic Ruairí, Piaras Ó Lorcáin agus Máire agus Étáin Ní Churraoin. Tá an amhráníocht i smior agus i smúsach na n-amhránánaithe seo, ó Chonamara go Rann na Feirste, ó Ráth Chairn go hOriall agus ó Chorca Dhuibhne go Gaoth Dobhair, agus is turas cruthaitheach corraitheach é seo dóibh agus iad ag an tráth seo dá n-aistear ceoil. San iomramh ealaíonta seo le teacht go fonnmhar ar leagan agus ar thuiscint nua ar na hamhráin sean-nóis, sníonn a nglórtha le chéile gan uaim agus fanann siad dílis ag an am céanna dá n-oidhreacht.

Nótaí na himeachta:

Doirse 7.30pm

Imeacht 8pm

Ticéid: €28 + táille áirithinte

Previous
Previous
15 November

The Half Room