Back to All Events

Oscailte le Music Generation

  • Taibhdhearc Theatre 19 Middle Street Galway, G, H91 RX76 Ireland (map)

Oscailte le Music Generation

29ú Meitheamh 7pm

Tionscadal do dhaoine óga idir 14 – 18 bliain d’aois de chuid Music Generation Chathair na Gaillimhe is ea Oscailte. Tugann sé deis dóibh foinn a chasadh, jeamáil le ceoltóirí óga eile, amhráin a scríobh agus ceol a chumadh trí Ghaeilge. Téann rannpháirtithe i bpáirt le daoine óga eile a bhfuil suim acu sa cheol agus sa Ghaeilge, agus bíonn deiseanna acu ar bhonn rialta dul ar stáitse ag ócáidí a mbíonn ceoltóirí agus criú proifisiúnta ann.  

Bíonn Oscailte ar siúl gach tráthnóna Dé Céadaoin ón 5:30pm – 7:30pm in Aras na nGael agus is féidir le gach duine óg freastal air, cuma cén leibhéal Gaeilge nó oideachas ceoil atá acu.  

Aoi speisialta - SÍOMHA

Is amhránaí agus giotáraí Síomha agus bíonn a lucht éisteachta faoi dhraíocht ag a foinn ina bhfuil tionchar an cheoil tíre, an tsnagcheoil agus an neo-sóil le haireachtáil. ‘Infinite Space’ an teideal ar a céad albam, cnuasach amhrán i nGaeilge agus Béarla, ar chuir an Irish Times síos air mar “a seriously accomplished and self-confident debut”. Ba é Tyler Duncan, ar ainmníodh do ghradam Grammy é, a léirigh an t-albam agus tá ceoltóirí den scoth le cloisteáil air, ina measc Joe Dart (Vulfpeck), Louis Cato (Bobby McFerrin/ Snarky Puppy), Martin Atkinson Borrull (Toucan) agus an veidhleadóir Jeremy Kittel (Bela Fleck/ Chris Thile). Tá glór tochtmhar ag Síomha agus spreagann sí mothúcháin a lucht éisteachta ag leibhéal domhain.

Previous
Previous
10 June

Niamh Dunne

Next
Next
15 July

New Beast