Back to All Events

The Breath

  • Taibhdhearc Theatre 19 Middle Street Galway, G, H91 RX76 Ireland (map)

The Breath agus aíonna speisialta

Féile Cheoil Thraidisiúnta na Gaillimhe

Déardaoin 14 Samhain 2024

Is iad The Breath ná an giotáraí Stuart McCallum atá lonnaithe i Manchain agus an t-amhránaí/flúiteadóir Ríoghnach Connolly. Tháinig siad le chéile i dtreo deireadh na 2000í agus iad ag seinm timpeall na cathrach. Bíodh is gur chiotach an chleamhnais é” – eisean, ina whiz ar an ngiotár, ina bhall de The Cinematic Orchestra le fada an lá agus ina uirbeach bog-labhartha, – ise, ina hamhránaí ceol tíre le pearsantacht chroíúil agus glór cumhachtach,  réitíodar ar an bpointe boise. Bhunaigh siad The Breath in 2016, duo amhránaí is scríbhneoir chun a léargas comhaimseartha ar alt-folk a chur i láthair.

Dar leis mbeirt seo, is é an t-amhrán féin an rud is tábhachtaí ar fad. Is scéalaí í Connolly agus déileálann a gcuid amhrán fíor-cheardaithe, macánta, pearsanta, croíúil le scéalta faoi shamhraidh na hóige agus an chéad ghrá go dtí an díláithriú cultúrtha, éagóirí an iarchoilíneachais agus an brón. Ach is é seachadadh paiseanta Ríoghnach agus a guth mealltach, mar aon le héirim agus teicnic Stuart atá chomh tarraingteach.

Nótaí na himeachta:

Doirse 7.30pm

Imeacht 8pm

Ticéid: €20 + táille áirithinte

Previous
Previous
11 November

An Triail 2024

Next
Next
15 November

The Half Room