Maelíosa Stafford, laoch ar lár
Is oth le Bord agus foireann na Taibhdheirce a chloisteáil gur bhásaigh Maelíosa Stafford, aisteoir agus léiritheoir.
”Méala mór a bhás dá theaghlach agus do mhuintir na hamharclainne anseo i nGaillimh, a chathair dhúchais, in Éirinn, san Astráil. Iar-stiúrthóir ealaíne le hAmharclann an Druid.
Bhain sé cáil amach mar aisteoir le Druid i ndrámaí ar nós ‘The Playboy of the Western World’, ‘Conversations on a Homecoming’ agus ‘A Whistle in the Dark’ le Tom Murphy
Léirigh sé ‘Amhrán an Bhonnáin Bhuí’ le Vincent Woods sa Taibhdhearc mí Feabhra 2020.
Comhbhrón lena bhean agus a chlann, lena dheartháireacha agus lena a dheirfiúracha: Ruairí, Fionnuala, Órfhlaith, Conall a ghaolta agus a chairde go léir, agus lena nia Ruadhán, a bhíonn ag obair ar fhoireann na Taibhdheirce.
Cuimhnimid ar athair Mhaelíosa, Seán Stafford (1924 - 2020) agus a mháthair, Máire Stafford (1923-2014).” - Aodh Ó Coileáin, iar-Chathaoirleach Bord na Taibhdheirce
Maelíosa Stafford, stiúrthóir An Taibhdhearc @ 90, 2018 Pictiúr le Seán Ó Mainnín
Maelíosa Stafford, atá imithe ar shlí na fírinne lena athair, Seán Stafford, imithe ar shlí na fírinne, agus a chlann. Ó chlé: Conall Stafford, Chloe agus Frank Salmon, Seán Stafford, Fionnuala Salmon, Maelíosa Stafford agus Poppy Salmon
Pictiúr: Seán Ó Mainnín