Philip Doherty ag éirigh as a ról mar stiúrthóir ealaíne le Fíbín sa Taibhdhearc
Beidh stiúrthóir ealaíne na Taibhdheirce, Philip Doherty ag fágáil slán le Fíbín tar éis dó ceithre bliana a chaitheamh leo. Thosaigh Doherty a ról leis an gcompántas drámaíochta in 2019, agus tá sé mar stiúrthóir ealaíne ar Fíbín sa Taibhdhearc ón am a ghlac an compántas seilbh ar Amharclann Náisiúnta na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe.
Ag labhairt ar a am le Fíbín, dúirt sé: ‘Braithim go bhfuil an t-am tagtha chun bogadh ar aghaidh chuig rudaí nua agus tús a chur le ré nua. Bhí mé le Fíbín ar feadh ceithre bliana agus bhí sé ar cheann de na poist ba dhúshlánaí agus ba spreagúla a bhí agam riamh, ag déanamh an cineál oibre nar mhair ach i mo shamhlaíocht le blianta roimhe sin. Bhí sé de phribhléid agam a bheith ag obair in éineacht leis an oiread ealaíontóirí agus comhghleacaithe dochreidte. Táim fíorbhuíoch as gach duine i Fíbín, go háirithe an CEO Darach Ó Tuairisg, a thug gach deis dom an drámaíocht uaillmhianach seo a chur ar stáitse.’
Is féidir níos mó dá phreas ráiteas ANSEO.
Leagan Béarla ANSEO.