Ar Siúl

Dinnseanchas
Apr
13

Dinnseanchas

Iniúchadh ar an dinnseanchas, seanchas faoi áiteanna, i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge. Seo an ceathrú bliain den togra seo, comhfhiontar idir Cló Iar-Chonnacht agus Cúirt. Beidh beirt scríbhneoirí as Tír Chonaill, Eithne Ní Ghallchobhair agus Michelle Nic Pháidín, ag caint faoi thábhacht an dinnseanchais ina gcuid oibre agus ag léamh óna saothar. Is é Micheál Ó Conghaile a bheidh mar fhear an tí.

An exploration of dinnseanchas, the lore of place, in contemporary Irish-language literature. Writers Eithne Ní Ghallchobhair and Michelle Nic Pháidin, both from Tír Chonaill, discuss the importance of place in their work and share selected readings. Hosted by Cló Iar-Chonnacht founder, the writer Micheál Ó Conghaile.

View Event →
Ar Thóir Bhríd Ní Mháille | In Search of Bríd Ní Mháille
Apr
13

Ar Thóir Bhríd Ní Mháille | In Search of Bríd Ní Mháille

Léamh drámatúil as úrscéal le Micheál Ó Conghaile atá i mbéal a fhoilsithe. Tá an t-úrscéal bunaithe ar scéal Bhríd Ní Mháille, an bhean a scríobh Amhrán an Bháthadh agus Amhrán South Boston. Fitear ceol, prós agus an chaointeoireacht san ócáid speisialta seo le Caitlín Ní Chualáin, Bridie Ní Churraoin agus Eoghan Ó Riada.

A dramatic reading from a forthcoming novel by Micheál Ó Conghaile, telling the story of Bríd Ní Mháille, the woman behind Amhrán an Bháthadh and Amhrán South Boston. Blending song, prose, and the ancient art of keening, this performance features Caitlín Ní Chualáin, Bridie Ní Churraoin, and Eoghan Ó Riada.

View Event →
Céiliúradh Ceoil agus Filíochta
Apr
13

Céiliúradh Ceoil agus Filíochta

Tráthnóna ceoil, amhránaíochta agus filíochta ag ceiliúradh Leabhar Mór na nAmhrán agus an cnuasach Gearr Gonta: Céad Dán le Céad File. Is é an craoltóir agus amhránaí Máirtín Tom Sheainín a bheidh mar fhear an tí. Ceol agus amhráin le Lillis Ó Laoire, Caitlín Ní Chualáin, Marcus Mac Conghail, agus Eithne Ní Ghallchobhair. Beidh ceol beo ann le Nóirín Ní Ghrádaigh, fidléir as Ráth Tó i gCo. na Mí, agus Colm Ó Dubháin, boscadóir as an Aird Mhór i gConamara.

An evening of music, song and poetry celebrating Leabhar Mór na nAmhrán, a collection of over 400 sean-nós songs, and Gearr Gonta: Céad Dán le Céad File. Featuring performances by Lillis Ó Laoire, Máirtín Tom Sheáinín, Caitlín Ní Chualáin, Marcus Mac Conghail, and Eithne Ní Ghallchobhair. Live music from Nóirín Ní Ghrádaigh from Ráth Tó, Co. Meath, on the fiddle, and Colm Ó Dubháin from Aird Mhór in Conamara on box. Hosted by Máirtín Tom Sheáinín.

View Event →
Dathanna Geala Amháin
May
1
to 10 May

Dathanna Geala Amháin

Dráma dúghrinn is ea ‘Dathanna Geala Amháin’, a chuaigh ar camchuairt ó Bhéal Feirste go dtí An Bhrasaíl i gcóiste marbh! Cuireann An Taibhdhearc an t-aistriúcháin seo i láthair den chéad uair. Tá an dráma aonair seo atá lán le diabhlaíocht aiséirithe go speisialta le bheith mar chuid d’Fhéile Amharclannaíochta na Gaillimhe chomh maith le bheith ar camchuairt. Bain blaisín den uisce beatha agus tar linn ar thuras croíúil agus muid ag taisteal chun díchuimhne. Níl an seó seo ach feiliúnach dóibh siúd atá beo beithíoch.

 

This legendary Irish wake show has toured from Belfast to Brazil in a hearse! An Taibhdhearc presents the premier of it’s translation into Irish. ‘Bright Colours Only’ is a wickedly funny one-woman show, resurrected for the first time for the Galway Theatre Festival and on tour. Enjoy a free drop of the hard stuff and join us on this heartwarming journey to the edge of oblivion. This show is only suitable for those dying to live!

 

Beidh fortheidil i mBéarla ar fáil/English subtitles will be available

★★★★★ “Brilliant” - Time Out

“Drop Dead Funny” - Observer

Tá beagán eascainí agus tagairtí d’fhoréigean sa seó seo/Contains some mild swearing and references to violence 14+

 Dramadóir/Writer - Pauline Goldsmith

Stiúrthóir/Director - Muireann Kelly

Aisteoir/Actor - Brídín Ní Mhaoldomhnaigh

 

Ag taisteal ar fud na hÉireann i mí Bealtaine 2025 - Dátaí thíos

Touring throughout Ireland in May 2025 - Dates below

Dátaí Camchuairte

1-3, 6 - 10 Bealtaine: An Taibhdhearc, Gaillimh (mar chuid de Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe)

14 Bealtaine: Amharclann Ghaoth Dhobhair, Dún na nGall - www.amharclann.com

17 Bealtaine: Ionad Ealaíon Linenhall, Caisleán an Bharraigh - www.thelinenhall.com

21 Bealtaine: Axis Baile Munna, Baile Átha Cliath - www.axisballymun.ie

23-24 Bealtaine: Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste - www.culturlann.ie

View Event →
An Ghaeltacht
May
9

An Ghaeltacht

Is ceoldráma nua é An Ghaeltacht bunaithe i nGaeltacht Chonamara, díreach nuair a thosaíonn an t-ionradh bliantúil déagóirí. Buailimid le Saoirse, Róisín agus Aoife agus iad ag streachailt lena gcuid díritheoirí gruaige, a gcéad póga, agus teagmháil le muintir na háite - gan trácht ar an dua atá acu iad féin a chur in iúl - i dteanga ar bith!

An Ghaeltacht is a brand-new Irish musical, set in the Connemara Gaeltacht, just as the annual teenage invasion gets underway. We meet Saoirse, Róisín and Aoife as they wrestle with their hair straighteners, first kisses and encounters with the locals all whilst struggling to express themselves – in any language!

Is obair idir lámha atá sa taispeántas seo mar chuid d’Fhéile Amharclannaíochta na Gaillimhe/This is a work-in-progress sharing as part of the Galway Theatre Festival.

View Event →