Cuireann ‘The Black Gate’ i láthair
Eoghan Ó Ceannabháin & The Curly Organ
Déardaoin 27ú Aibreán 8pm
Eoghan Ó Ceannabháin
Lonnaithe i mBaile Átha Cliath, is amhránaí, scríbhneoir agus ceoltóir iluirlise é Eoghan Ó Ceannabháin. Tógadh é leis an amhránaíocht ar an sean-nós agus tá sé fós go smior ina cheol. Thaifead agus chas sé le neart bannaí le Skipper's Alley, Aon Teanga:Un Chengey agus Jiggy san áireamh. Bhain a albam le hUltan O’Brien ‘Best Folk Album’ amach ag ‘the RTÉ Folk Awards’ sa bhliain 2021.
The Curly Organ
Tabharfaidh The Curly Organ taispeántas ar leith, lán de spraoi, ceol agus diabhlaíocht chuig stáitse na Taibhdheirce. Bhain The Curly Organ clú agus cáil amach óna seónna sráide ar nós Catcalling Outside AIB agus Tír na Micreafón. Tá sé ar intinn ag The Curly Organ taithí an duine daonna a phlé agus na mothúcháin atá istigh againn a scaoileadh amach thríd an cheoil. Bhí Dónal mar cheannaire ceoil ar an 424 Brass Band, a bhí le feiceáil ar Sráid Láir na Gaillimhe ar Oíche Chultúir 2022.
Nótaí na hImeachta:
Doirse: 7:30pm
Ticéid: €20/ €15 early bird