Back to All Events

Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe


  • Taibhdhearc Theatre 19 Middle Street Galway, G, H91 RX76 Ireland (map)

Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe

Bíonn sé i gceist againn clár úr agus bríomhar léirithe a thabhairt go sráideanna agus ionaid na Gaillimhe lenár lucht féachana a spreagadh. Tarraingíonn Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe ar oidhreacht uathúil amharclannaíochta na Gaillimhe agus tá sé ar cheann de na féilte ealaíon is mó atá dírithe ar an drámaíocht agus ar an léiriú neamhspleách. Tá lucht na Féile tiomanta do thacú le healaíontóirí agus le compántais atá ag cur saothar i láthair don Fhéile agus d’fhorbairt a gcuid léirithe agus cleachtas ealaíonta.

Féachann Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe le talamh nua a bhriseadh ó thaobh na drámaíochta agus an léirithe de, agus tugtar cuireadh do lucht féachana sult agus leas a bhaint as an bhfuinneamh agus as an spreagadh a ghabhann leis sin

Cuireann Áine Moynihan agus GIORRIA Collective i láthair

Feisteas an tSaoil / Dressing the Part

5ú & 6ú Bealtaine 8:30pm

Seó dhá-theangach isea Feisteas an tSaoil/Dressing the Part scríofa agus curtha i láthair ag Áine Moynihan le tacú láidir ó Giorria, an comhchoiteann amharclannaíocht go bhfuil sí ina ball de. Is ceiliúradh é ar shaolta na mban tríd na hathruithe sóisialta den 20ú aois agus ina dhiaidh. Saothar nua cróga isea é seo ó bhean go raibh saol thar a bheith suimiúil aici. Cuireann píosaí cheoil cuí, cuid a thagann ó oileáin Inis Oirr, Cléire agus ó Iarthar Chiarraí - foinn agus poirt ar piano agus fidil – go mór leis an seó. Coincheap agus téama úrnua atá againn anso. Guth ealaíontóra baineann níos sine, atá ag saothrú léi tré Ghaeilge agus Béarla ar chósta iarthair na hÉireann, guth nach gcloistear go minic.

Le tacú ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltacht, Spóirt agus Na Meáin, Ollscoil na Gaillimhe, Comhairle Chontae Chiarraí agus Giorria.

Nótaí na hImeachta:

Fad: 60 nóiméad. Ticéid: €15*/12*

Polish Arts Fest

Nameless

30ú Aibreán & 1ú Bealtaine 7pm

Nameless tells the story of a woman kept in a mental health institution without her consent. She needs to obey the painful rules and try to adapt and fit it. Nameless balances between the realities looking for an escape. The play is a statement about the possibility of crossing the boundaries of understanding and comprehending the essence of participating in the ritual of life. The power of Shakespeare’s word is interrupted by a simple and painful commandment to adapt to the conditions here and now. Despite the efforts, the spell disappears and helplessness remains. Bi-lingual (Polish/English with subtitles).

Opowiada historię kobiety przetrzymywanej bez jej zgody w zakładzie psychiatrycznym. Musi przestrzegać bolesnych zasad i starać się do nich dostosować i dopasować. Nameless balansuje pomiędzy rzeczywistościami szukając ucieczki. Spektakl jest wypowiedzią o możliwości przekraczania granic rozumienia i pojmowania istoty uczestnictwa w rytuale życia. Siłę szekspirowskiego słowa przerywa proste i bolesne przykazanie dostosowania się do warunków tu i teraz. Mimo starań czar znika i pozostaje bezradność. Spektakl jest dwujęzyczny (polski/angielski z napisami)

Le tacaíocht ó Ambasáid na Polainne i mBaile Átha Cliath agus Polish Heritage Days

Nótaí na hImeachta:

Fad: 45 nóiméad Aois: 14+ Ticéid: €15*/12*

Previous
Previous
27 April

Eoghan Ó Ceannabháin & The Curly Organ

Next
Next
8 May

Cuireann Cumann Drámaíochta Cnoc na Cathrach i láthair - Drinking Habits