Maelíosa Stafford, laoch ar lár
Paul Cotter Paul Cotter

Maelíosa Stafford, laoch ar lár

Is oth le Bord agus foireann na Taibhdheirce a chloisteáil gur bhásaigh Maelíosa Stafford, aisteoir agus léiritheoir. Méala mór a bhás dá theaghlach agus do mhuintir na hamharclainne anseo i nGaillimh, a chathair dhúchais, in Éirinn, san Astráil. Iar-stiúrthóir ealaíne le hAmharclann an Druid. Comhbhrón lena bhean agus a chlann, lena dheartháireacha agus lena a dheirfiúracha: Ruairí, Fionnuala, Maelíosa, Órfhlaith, Conall, lena nia Ruadhán a bhíonn ag obair sa Taibhdhearc, agus lena chlann agus a chairde go léir.

Cuimhnimid ar athair Mhaelíosa, Seán Stafford (1924 - 2020) agus a mháthair, Máire Stafford (1923-2014)

Read More
Éileamh ar Mhaoiniú Inbhuanaithe
Paul Cotter Paul Cotter

Éileamh ar Mhaoiniú Inbhuanaithe

Tá Bord An Taibhdhearc ag iarraidh ar Rialtas na hÉireann, go háirithe ar An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, aitheantas a thabhairt don éagothroime reatha sa mhaoiniú. Tá gealltanas á lorg againn ón rialtas an éagothroime seo a chur ina cheart tríd an tacaíocht airgeadais riachtanach a chur ar fáil le go mbeidh an amharclann náisiúnta Gaeilge in ann oibriú agus a bheith rathúil.

Read More