Tá muid ag earcú!

Tá An Taibhdhearc ag lorg Bainisteoir Teicniúil atá féinspreagtha agus a bhfuil taithí mhaith aige/aici ar bheith ina bhall/ina ball dár bhfoireann. Is ball ríthábhachtach den fhoireann an Bainisteoir Teicniúil agus beidh an té a cheapfar freagrach go díreach don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus don Stiúrthóir Ealaíne.

I gcomhairle leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, beidh an Bainisteoir Teicniúil freagrach as a chinntiú go gcomhlíontar caighdeáin slándála, sláinte agus sábháilteachta, agus comhshaoil agus go leantar na nósanna imeachta atá ag An Taibhdhearc. I gcomhairle leis an Stiúrthóir Ealaíne, beidh an Bainisteoir Teicniúil freagrach as riachtanais theicniúla agus stáitse le linn imeachtaí agus léiriúcháin tí, léiriúcháin chamchuairte agus léiriúcháin ar láithreacha eile a bheidh á léiriú ag An Taibhdhearc. Ina theannta sin, beidh an Bainisteoir Teicniúil freagrach as riachtanais theicniúla agus stáitse do na léiriúcháin agus imeachtaí seachtracha a bheidh ag teacht isteach sa Taibhdhearc.